—
gréis; substaint oilteamhail a' bith; annlann; beatha oilteamhail nó bog beaduidhe.
·
'Is beag de'n bhealthuidheacht is fhearr ná'n turaidheacht' (sean-fhocal) = is beag an t-anlann a bheadh agad le biadh, nuair ab fhearr é na biadh tur.
Is mór a' t-annlann é an scadán fhéin fharra's iad ithe tur, tar (fataí). Deir siad ariamh 'gur beag de'n bhealtuidheacht ab fhearr ná'n turaidheacht'.
+–
Ar airigh tú aon-bhealthuidheacht in a dtimcheall = ar airigh tú aon-ollamhaitheas nó aon-annlann (feoil, im etc) aca(b)?
Ní itheann sé sin aon-ghreim tur aon-uair. Bíonn bealthuidheacht eicínt aige i gcomhnuidhe.
TUILLEADH (28) ▼
Is le na bheith tur dóib muis a bheith taobh leis an méid sin bealthuidheachta. Cáide a thiocfas puintín gágach feola ar lán tighe.
Mise imbannuidhe gur fhan sé in aice na bealthuidheacht. Nach hé atá beaduidhe, go bhfagha sé feoil.
Bhí sé thart, in áit nar eirigh aon-cheo de'n bhealthuidheacht leis.
Ní bhíonn sí aon-uair d'uireasbha na bealthuidheachta.
Cáide orra fhéin an méid sin bealthuidheachta. Is beag a' teirgéis feola a gheobhfas tú anois ar do dhá scilling.
Is beag a' mheas a bheidheas aige siúd ar tae a's ar uibheachaí, mara bhfagha sé bealthuidheacht fharras sin.
Go dtuga an diabhal thairis a chuid bealthuidheachta croisim aríst é! I leaba a dhul a' ceannacht fheola, ba chóra dhó go mór fada balcaisí eicínt éadaigh a cheannacht dá chuid cloinne, atá ag imtheacht a's gan snáth de na seacht n-éadaighe orra(b).
Nach dúlaidhe atá sí sa bhfeoil i gcomhnuidhe? Níor mhiste léithe í fhéin a chuir de dhruim tighe, ach bealthuidheacht a choinneál léithe fhéin!
Airighim bealthuidheacht bheag fheola ann indiu.
D'fhan sé imbun na bealthuidheachta indiu.
Tá sé in a chaidhfte igcomhnuidhe ar a' teallach aghainn, a's ní bheadh a dhath bealthuidheachta, ná beaduidheachta ann in gan fhios dó!
Teach maith bealthuidheachta 'bhí ann 'chuile lá ariamh.
Thosuigh mé a' sméarthacht sa drisiúr, gur airigh mé bealthuidheacht bheag fheola ann, a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir, a's d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
'Bhfuil aon-bhealthuidheacht agad le na fataí seo?
Dheamhan bealthuidheacht ná cuid de bhealtuidheacht aghamsa le t'aghaidh, ná 'shlighe agam. Ith suas tor, tar iad. Is maith an chiall aghainn fhéin é!
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
Bhí pota breagh fataí gáiridhe bruithte aice, a's bealthuidheacht fheola in' aice sin, a's marar leag muide orra(b) ní lá go maidin é.
Tá uibheachaí ann ceart go leor, ach tá bealthuidheacht thairis sin istigh faoi chaolachaí an tighe in áit eicínt, dhá bhféadainn í 'fhaghail.
Chleacht sí sin bealthuidheacht, ach tá faitchíos orm gur beag an bhealthuidheacht 'eireochas léithe 'san áit a bhfuil sí ag (d)ul anois.
Is iomdha sin annlann in aice cladaigh. Tá'n bhealuidheacht éisc ann a's an cnuasach cladaigh, a's deirimse leat gur beag a' locht toit bháirne fhéin, dhá mbeadh goile géar agad.
Is beag an lón, do cluithche cloinne atá aice an teirgéis bheag bealthuidheachta sin = is gearr a sheasfas an méid sin feola, ime, etc dóib, scáth a bhfuil ann di, a's an iomad béal atá le dhul a' fiachadh air.
Nach thú an truagh-Mhuire chríochnuighthe againn, gan bealthuidheacht!
Ba gearr de lón dom, bealthuidheacht na Nodlag, a's ní fheicfe mé aon-bhealthuidheacht aríst, go dtige an tSaoire.
Ní leigeann siad sin a' béilidhe fhéin tharta(b), gan bealthuidheacht eicínt a bheith aca(b) in' aice. A's diabhal mise, nach bhfuil slacht a gcodach orra(b) ina dheidh sin. Is mó an smais atá ar a' dream atá taobh le arán tur, ná orra(b).
Ní bheadh aon-chur suas de bhealthuidheacht bheag fheola agham, dá dtairgthí dhom í, ach dheamhan tairiscint.
'Bhfuil aon-bhealthuidheacht agad a bhéarfa dhom leis an arán seo? = im.
'Bhfuil aon-bhealthuidheacht ime agad?
'Raibh bealthuidheacht a' bith aca(b) leis an ngabáiste.
Bealthuidheacht in iontrálacha eile (2)
+
Diabhal a' féidir gur fataí cosnochtuighthe a fuair sib! (D)ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealthuidheacht eicínt dhaoib leo(b).
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mheas a bheidheas aige siúd ar bhéile fataí cosnochtaighthe, a's an chleachtadh atá aige ar bheaduidheacht a's bealthuidheacht a fhaghail sa mbaile.