Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bealaíocht
ainmfhocal, baininscneach
ginideach aonta: bealtaíochta
gréis; substaint oiltúil ar bith; anlann; beatha oiltiúil nó bog beadaí.
·
Is beag den bhealaíocht is fhearr ná an turaíocht (seanfhocal) — is beag an t-anlann a bheadh agat le bia nuair ab fhearr é ná bia tur.
Is mór an t-anlann é an scadán fhéin tharas iad a ithe tur tar (fataí). Deir siad ariamh gur beag den bhealtaíocht ab fhearr ná an turaíocht.
+
Ar airigh tú aon bhealaíocht ina dtimpeall — ar airigh tú aon ollmhaitheas nó aon anlann (feoil, im srl.) acub?
Ní itheann sé sin aon ghreim tur aon uair. Bíonn bealaíocht eicínt aige i gcónaí.
TUILLEADH (28) ▼
Is lena bheith tur dóibh muis, a bheith taobh leis an méid sin bealaíochta. Cáide a thiocfas puintín gágach feola ar lán tí.
Mise i mbannaí gur fhan sé in aice na bealaíocht. Nach é atá beadaí go bhfaighe sé feoil.
Bhí sé thart an áit nár éirigh aon cheo den bhealaíocht leis.
Ní bhíonn sí aon uair d'uireasa na bealaíochta.
Cáide orthu fhéin an méid sin bealaíochta. Is beag an teirgéis feola a gheobhas tú anois ar do dhá scilling.
Is beag an mheas a bheas aige siúd ar tae agus ar uibheachaí mura bhfaighe sé bealaíocht tharas sin.
Go dtuga an diabhal thairis a chuid bealaíochta, crosaim aríst é! I leaba a dhul ag ceannacht fheola, ba chóra dhó go mór fada balcaisí eicínt éadaigh a cheannacht dá chuid clainne atá ag imeacht agus gan snáth de na seacht n-éadaí orthub.
Nach dúlaí atá sí sa bhfeoil i gcónaí? Níor mhiste léithe í fhéin a chur de dhroim tí ach bealaíocht a choinneáil léithe fhéin!
Airím bealaíocht bheag fheola ann inniu.
D'fhan sé i mbun na bealaíochta inniu.
Tá sé ina chaidhfte i gcónaí ar an teallach againn, agus ní bheadh a dhath bealaíochta, ná beadaíochta ann i ngan fhios dó!
Teach maith bealaíochta a bhí ann chuile lá ariamh.
Thosaigh mé ag sméarthacht sa drisiúr gur airigh mé bealaíocht bheag fheola ann a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir, agus d'ith mé suas as cúl mo ghlaice í.
An bhfuil aon bhealaíocht agat le na fataí seo?
Dheamhan bealaíocht ná cuid de bhealtaíocht agamsa le t'aghaidh, ná a shlí agam. Ith suas tur tar iad. Is maith an chiall againn fhéin é!
Is beag an bhealaíocht atá ag an tír, agus tá déanamh dá huireasa acub. Ach nuair a bheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leob bealaíocht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as an gcleachtadh sibh feasta. Tá feoil ródhaor anois le í a choinneáil libhse.
Bhí pota breá fataí ag gáirí bruite aici, agus bealaíocht fheola ina aice sin, agus murar leag muide orthub ní lá go maidin é.
Tá uibheachaí ann ceart go leor, ach tá bealaíocht thairis sin istigh faoi chaolachaí an tí in áit eicínt dhá bhféadainn í a fháil.
Chleacht sí sin bealaíocht, ach tá faitíos orm gur beag an bhealaíocht a éireos léithe san áit a bhfuil sí ag dul anois.
Is iomaí sin anlann in aice cladaigh. Tá an bhealaíocht éisc ann agus an cnuasach cladaigh, agus deirimse leat gur beag an locht toit bhairnigh fhéin dhá mbeadh goile géar agat.
Is beag an lón do cluiche clainne atá aici, an teirgéis bheag bealaíochta sin — is gearr a sheasfas an méid sin feola, ime, srl. dóibh, scáth a bhfuil ann di agus an iomad béal atá le dhul ag fiachadh air.
Nach thú an trua Mhuire chríochnaithe againn gan bealaíocht!
Ba gearr de lón dom bealaíocht na Nollag, agus ní fheicfidh mé aon bhealaíocht aríst go dtige an tSaoire.
Ní ligeann siad sin an béilí fhéin thartub gan bealaíocht eicínt a bheith acub ina aice. Agus diabhal mise nach bhfuil slacht a gcodach orthub ina dhiaidh sin. Is mó an smais atá ar an dream atá taobh le arán tur ná orthub.
Ní bheadh aon chur suas de bhealaíocht bheag fheola agam dá dtairgthí dhom í, ach dheamhan tairiscint.
An bhfuil aon bhealaíocht agat a bhéarfá dhom leis an arán seo? — im
An bhfuil aon bhealaíocht ime agat?
An raibh bealaíocht ar bith acub leis an ngabáiste.

bealaíocht in iontrálacha eile (3)

+
Diabhal an féidir gur fataí cosnochtaithe a fuair sibh! Ar ndóigh thug sí braon bainne nó bealaíocht eicínt dhaoibh leob.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá laghad anlann dá mbeadh ag duine le na fataí, b'fhearr é ná iad a bheith cosnochtaithe amach is amach. Is beag den bhealaíocht is fhearr ná an turaíocht, adeir siad.
 
aire
Thug sé aire don teach seo chomhuain is a d'airigh sé aon bhealaíocht againn (.i. feoil, iasc, nó nuaíocht den tsórt)