Beanna
—ainm-fhocal
—ní baintear aon-leas as, ach 'san uimhir iolraidh, 'sa gcéill seo.
—
eang, aobha; imtheacht slán; imtheacht gan bhascadh gan bhearna.
+–
Thug sé a bheanna leis = d'eirigh leis imtheacht gan bhascadh gan bhearna as a' tromfhásc; thug sé an eang, nó na h-aobha leis; d'imthigh sé gan aon-bhearnú. (Déarfaidhe é le duine a thiocfadh slán as tromfhásc nó droch-chontabhairt, nó as áit a mbeithí dhá chur idteannta, nó le cárta a thiubhradh an eang leis as droch-phasannaí imeartha; nó déarfaí é le duine a bheadh suas a's anuas le 'chuile dhuine, a's gan aon-duine indon aon-bhrabach a fhaghail air, ná é 'chur idteannta).
Is ait a chrú(thuigh) sé a's a bheanna a thabhairt leis as chor a' bith.
TUILLEADH (17) ▼
Tá'n tSeamair Mhuire aige, lá's go dtug sé a bhearna leis ó'n dreám sin.
'Sé'n pas is measa é a raibh mé ariamh, ach thug mé mo bheanna liom as, in a dhiaidh sin = droch áit nó droch-thromfhásc a gcasfaí duine.
Thug sé a bheanna leis, ar éigin. Marach go raibh sé imthighthe, nuair a tháinic Peaits isteach oll(mh)uighthe, gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's dhá bhfaghadh fhéin, ní bheinnse in a dhiaidh air.
Ní cás dhaoib é, ó thug sib a (a = bhur) mbeanna líb chor a' bith ó na h-amhuis údaidh.
Shíl mé dheamhan mo bheanna a thiubhrainn liom go deo saor slán as. Bhí an teach in a bhruidhin chaorthann, a's 'chuile dhuine sa mullach orm péin, nach ndearna tada.
Dheamhan mo bheanna a thiubhrainn liom go bráth ó mhadraí ann, marach gur eirigh liom a' maide a bheith agham. Deirimse leat nar cheil mise lúd mo láimhe orra(b).
Is mór a' saothruidhe é, a's é 'tabhairt a bheanna leis chor a' bith, istigh i lár na n-amhlóirí (obhlóirí) siúd.
Gabhfa sé go poll a' chladhaire leis, a bheanna a thabhairt leis, an babhta seo fharra's ariamh. Má fhaghann a' breitheamh greím air sa gcúirt, cuirfe sé a' spíonadh 'oakum' é go ceann tamaill = cinnfe sé ar a dhicheall a theacht saor, má tugtar as comhair an bhreitheamh é. Cuirfe an breitheamh príosúntacht air.
Níl fhios agham beo cé'n chaoi ar thug mé mo bheanna liom aréir ó na póilíos. Rugthas ar chuile dhuine cé's moite dhom fhéin, faoi sholus.
Níl aon-stiléara indon a bheanna a thabhairt leis anois. Tá'n dlighe ro-ghéar, a's an iomarca spiadóirí amuigh.
Ba h-aigeanta an buachaill é S. Ph. annseo thoir, a's breagh gur chínn air, in a dheidh sin, a bheanna a thabhairt leis uatha(b).
Thug sé a bheanna leis ar éigin. Ní raibh le spáráilt aige ach chúig bhót (vote) (cúrsaí togha: cuireadh an duine isteach a's gan aige ach chúig bhót le cois).
A cheann-fine ní thiubhradh a bheanna leis anois, a's a bhfuil a' faire air.
Tá na fir in a dhiaidh, ach ó dhonacht iad is measa dhó na mná. Má thugann sé a bheanna ó na mná, is fear é a bhfuil buadhannuigheacht aige.
Tiubhra sé sin a bheanna leis, feicfe tú fhéin air. Tá sé síos a's suas le 'chuile dhuine.
'Sé atá indon a bheanna a thabhairt leis. 'Liomsa a's leatsa, a's liomsa aríst': sin é an chaoi a bhfuil sé sin = duine liom leat é, a's tá sé indon an saoghal a bharruidheacht a's a bhealach a dheanamh le 'chuile dhuine.
Má (gh)níonn spleádhchas dhó é, tiubhra sé a bheanna leis, feicfe tú fhéin air.
+–
Tá mámh níos fhearr ná'n cíonán agad, má thugann tú do bheanna leat a' babhta seo. Is fada mise 'do dhiaidh, ach tá tú agham sa deire ar chlár na h-imeartha. = duine a' bagairt díoghaltais ar dhuine eile, a raibh sé ag iarraidh deis' a fhaghail air, le fada roimhe sin.
Shíl mé nach dtiubhradh mo rí a bheanna leis choidhchin, a's a raibh de mhadraí móra a' faire air = rug an rí an chúig, th'éis go raibh mámhaisí eile timcheall a' chláir.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan cuímne 'bith 'bhí agam, go dtiubhradh mo sheaichtín a bheanna leis. Nach feidheartha atá an bord! = ó thárla nar buaileadh a seacht caithfe sé nach raibh aon-mhámhaisí mórán istigh.
Bhí an t-ádh ar mo h-aon a's a beanna a thabhairt léithe.
Is maith a chruthuigh an rí a's deich a dheanamh. Cárta maith a dhéanfas deich, a's a thiubhras a bheanna leis (bíonn cúig ionntuighthe ar Rí a's h-aon in áiteacha i mbun a cúig déag nó cúig fichead).
Beanna in iontrálacha eile (7)
→
fearúint
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
+
→
beann
Níl beanna 'bith ar a' teach sin, ach gabhail éadain (féach gabhail éadain).
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr a chaitheadar, le na beanna chor a' bith = a' deanamh na mbeann.
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'árdú ar na beanna, d'fhéadfa ceann slinne 'chuir air.
'Shiubhail mise cnuic agus sléibhte a's beanna 'bhí géar as a mbarr; A's a lán bealaighe eile nach bhféadaim, a’s tá mo chroidhe-sa, lag brúighte in a lár (sliocht as "Néili a Chailín Deas")
→
ding
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
Níl tú ar an bhfeath (meath?) mhóir fós, arae ní dheachaidh na Beanna Beola faoi. Choidhchin nó go gcuiridh muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh