Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
beanna
ainmfhocal
ní baintear aon leas as ach san uimhir iolra, sa gcéill seo.
fc. beann, binn
eang, aobha; imeacht slán; imeacht gan bhascadh gan bhearna.
+
Thug sé a bheanna leis — d'éirigh leis imeacht gan bhascadh gan bhearna as an tromásc; thug sé an eang, nó na haobha leis; d'imigh sé gan aon bhearnú. Déarfaí é le duine a thiocfadh slán as tromásc nó drochchontúirt, nó as áit a mbeifí dhá chur i dteannta, nó le cárta a thabharfadh an eang leis as drochphasannaí imeartha; nó déarfaí é le duine a bheadh suas is anuas le chuile dhuine agus gan aon duine in ann aon bhrabach a fháil air ná é a chur i dteannta
Is ait a chruthaigh sé agus a bheanna a thabhairt leis as chor ar bith.
TUILLEADH (17) ▼
Tá an tSeamair Mhuire aige lá is go dtug sé a bhearna leis ón dream sin.
'Sé an pas is measa é a raibh mé ariamh, ach thug mé mo bheanna liom as ina dhiaidh sin — drocháit nó drochthromásc a gcasfaí duine.
Thug sé a bheanna leis ar éigean. Murach go raibh sé imithe nuair a tháinig Peaits isteach ullmhaithe, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus dhá bhfaigheadh fhéin, ní bheinnse ina dhiaidh air.
Ní cás dhaoibh é ó thug sibh a (bhur) mbeanna libh chor ar bith ó na hamhais údaí.
Shíl mé dheamhan mo bheanna a thabharfainn liom go deo saor slán as. Bhí an teach ina bhruín chaorthann, agus chuile dhuine sa mullach orm péin nach ndearna tada.
Dheamhan mo bheanna a thabharfainn liom go brách ó mhadraí ann murach gur éirigh liom an maide a bheith agam. Deirimse leat nár cheil mise lúd mo láimhe orthub.
Is mór an saothraí é agus é ag tabhairt a bheanna leis chor ar bith istigh i lár na n-abhlóirí siúd.
Gabhfaidh sé go poll an chladhaire leis a bheanna a thabhairt leis an babhta seo tharas ariamh. Má fhaigheann an breitheamh greim air sa gcúirt, cuirfidh sé ag spíonadh 'oakum' é go ceann tamaill — cinnfidh sé ar a dhícheall a theacht saor má tugtar os comhair an bhreithimh é. Cuirfidh an breitheamh príosúntacht air
Níl a fhios agam beo cén chaoi ar thug mé mo bheanna liom aréir ó na póilíos. Rugthas ar chuile dhuine cé is moite dhom fhéin faoi sholas.
Níl aon stiléara in ann a bheanna a thabhairt leis anois. Tá an dlí róghéar agus an iomarca spíodóirí amuigh.
Ba haigeanta an buachaill é S. Ph. anseo thoir agus breá gur chinn air, ina dhiaidh sin, a bheanna a thabhairt leis uathub.
Thug sé a bheanna leis ar éigean. Ní raibh le spáráilt aige ach chúig bhót (vote) — cúrsaí togha: cuireadh an duine isteach agus gan aige ach chúig bhót le cois
A cheann fine ní thabharfadh a bheanna leis anois agus a bhfuil ag faire air.
Tá na fir ina dhiaidh, ach ó dhonacht iad, is measa dhó na mná. Má thugann sé a bheanna ó na mná, is fear é a bhfuil buannaíocht aige.
Tabharfaidh sé sin a bheanna leis, feicfidh tú fhéin air. Tá sé síos is suas le chuile dhuine.
'Sé atá in ann a bheanna a thabhairt leis. Liomsa is leatsa, agus liomsa aríst sin é an chaoi a bhfuil sé sin — duine liom leat é agus tá sé in ann an saol a bharraíocht agus a bhealach a dhéanamh le chuile dhuine.
Má ghníonn spleáchas dhó é, tabharfaidh sé a bheanna leis, feicfidh tú fhéin air.
+
Tá mámh níos fhearr ná an cíonán agat má thugann tú do bheanna leat an babhta seo. Is fada mise i do dhiaidh, ach tá tú agam sa deireadh ar chlár na himeartha — duine ag bagairt díoltais ar dhuine eile a raibh sé ag iarraidh deise a fháil air le fada roimhe sin.
Shíl mé nach dtabharfadh mo rí a bheanna leis choíchin agus a raibh de mhadraí móra ag faire air — rug an rí an chúig, théis go raibh mámhasaí eile timpeall an chláir.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan cuimhne ar bith a bhí agam go dtabharfadh mo sheaichtín a bheanna leis. Nach feidheartha atá an bord! — ó tharla nár buaileadh a seacht, caithfidh sé nach raibh aon mhámhasaí mórán istigh.
Bhí an t-ádh ar mo haon agus a beanna a thabhairt léithe.
Is maith a chruthaigh an rí agus deich a dhéanamh. Cárta maith a dhéanfas deich agus a thabharfas a bheanna leis (bíonn cúig iontaithe ar rí agus haon in áiteacha i mbun a cúig déag nó cúig fichead)

Féach freisin

binn

beanna in iontrálacha eile (7)

 
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
+
beann
Níl beanna ar bith ar an teach sin ach gabháil éadain (fc. gabháil éadain)
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr a chaitheadar le na beanna chor ar bith — ag déanamh na mbeann.
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
"Shiúil mise cnoic agus sléibhte agus beanna a bhí géar as a mbarr; Agus a lán bealaí eile nach bhféadaim, agus tá mo chroíse lag brúite ina lár" (sliocht as Neilí a Chailín Deas)
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Níl tú ar an meath mhóir fós, arae ní dheachaigh na Beanna Beola faoi. Choíchin nó go gcuire muid iad sin fúinn, ní bheidh muid ar an muráite … Hó, anois … D'fhéadfá caitheamh amach nóiméad ar bith. Feicim a mullaigh