Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Beartach
aidiacht as beart.
imeartha, glic, aigeanta ar bheart a chuir in a shuidhe; críonna.
+
Tá sé an-bheartach.
Shíl mé nach raibh an scurach sin chomh beartach sin.
TUILLEADH (5) ▼
Dhá bheartaighe é, ní imreocha sé an cluiche claonach ormsa.
Sin é fhéin an Seán beartach.
Do chumhachta chinn, ní bheadh suas leis sin, tá sé chomh beartach sin.
Dhá bheartaighe an mháthair, is seacht mbeartaighe í an inghean.
Níor mhór dhuit a bheith chomh beartach leis a' saoghal, leis a' mbuadhachtáil 'fhaghail air sin.

Féach freisin