Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
beartach
aidiacht as beart
imeartha, glic, aigeanta ar bheart a chur ina shuí; críonna.
+
Tá sé an-bheartach.
Shíl mé nach raibh an scorach sin chomh beartach sin.
TUILLEADH (5) ▼
Dhá bheartaí é, ní imreoidh sé an cluiche claonach ormsa.
Sin é fhéin an Seán beartach.
Do chumhachta chinn ní bheadh suas leis sin, tá sé chomh beartach sin.
Dhá bheartaí an mháthair, is seacht mbeartaí í an iníon.
Níor mhór dhuit a bheith chomh beartach leis an saol leis an mbuachtáil a fháil air sin.

Féach freisin