Binse
—Bínse, Binnse, Beinsín, Beínsin: (Bíonn na fuaimeannaí sin ar fad air. Chloisfeá iad ar fad sa gceanntar céadna).
—Tá ciall a 3 ionann's seirgthe sa gcainnt anois. Is beag a bhíos 1 ach an oiread i gceist, cé's moite de "chathaoir a' bhreithimh." Ach tá ciall a 2 an-choitchiannta fós.
1.
suidheachán, áit suidhte, stóilín, formna, nó clár a mbeadh clocha nó cléibh faoi 'chaon cheann dó; teinteán nó suidheachán íseal; cathaoir nó áit suidhte an bhreithimh.
+–
Suidh fút ar a' mbinnse annsiúd thall.
Má tá tú ro-árd annsin, suidh fút ar a' mbinnse = teinteán nó "hob".
TUILLEADH (10) ▼
Leag thall ar a mbínnse é.
Deasuigh anuas annseo ar a' gcathaoir. Níl socamhal a' bith agad ar a' mbínnse sin.
Níor thug sé forus ná suaímneas dhom, chomh uain's bhí mé mo shuidhe ar a' mbinnse, ach a' baint scealpógaí a's pleabhtógaí asam. B'éigin dom eirghe uaidh ar fad.
Gróigthe ar bhinnse beag íseal le balla a bhí sé, a's é a' biorrú scoilb.
Tá an binnse sin salach. Thuit corr-chuileog shúighe air ó mhaidin. Ní mór éadach a chuimilt dhó, má's leat suidhe air.
Ní chorruigheann sí chor a' bith de'n bhinnse sa gclúid. Sílim go bhfuil sí buailte suas sa siubhal.
Dheamhan a chos a chorruigh de'n bhinnse sin ó mhaidin, ach a' breacadh a luirgní le teine. Is géar a theastóchadh fír na maitheasa a chuir ann.
Bhí lucht na tórrtha 'na suidhe ar bhinnsí amuigh sa scioból.
Bhí 'jug' fuisce leagtha ar a' mbinnse, a's é fhéin a' baint corr-shúmóg as, ach ba bheag a' luath 'bhí aige, aon-deoir a thabhairt d'aonduine eile.
Bhí an breitheamh in a shuidhe thuas annsiúd ar a' mbinnse a's a chaipín geal air.
2.
banc, nó éadan de phortach a bheadh scraithte, a's a mbeithí a' baint mhóna air.
+–
D'fhága mé an sleaghán ar a' mbínnse = binnse an phortaigh
Bhí cloch sa mbínnse a's fhobair dhi, an sleaghán a bhriseadh orm.
TUILLEADH (26) ▼
Tá'n tuile eirighthe ar a' mbinnse a bhfuil mé a' baint air.
Binnse glan le baint é = níl uisce ag eirghe air, ná níl dearglaoch, feoil chapaill, clocha ná treampán a' bith ann.
Tá a' teacht faoi'n mbínnse seo. Sílim go ndéanfa sé uisce as éadan.
Gheobha tú mo phíopa thíos ar bhinnse an darna bairr. Fuil leat síos a's tabhair agham (chugam) é.
Bhí binnse an chéad-bháirr sáthach éasca, ach dheamhan gaisce a' bith ar bhinnse an darna barr. Tá feoil chapaill a's dearglaoch ann.
Bainfe an binnse sin cneadach asad, shul a mbeidh sé bainte agad.
Tá cuid de'n bhínnse seo siar 'do dhiaidh, sáthach docht deirimse leat.
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinnse seo fós — in a bhfuil bainte agam ar chaoi'r bith. Tá 'chaon dárna fód a' sceitheadh orm.
Caithfe mé stróic eile de'n bhinnse a shioscadh. Féadfa tusa an cnap móna sin a scaradh, go mbeidh mise réidh aghad aríst.
D'árduigh an t-uisce orm, go raibh sé cab ar chab leis a' mbinnse a bhí mé a bhaint.
Níorbh í an chuigeallach i lámha na h-oinsighe, sleaghán in mo láimh-sa ar bhínnse portaigh lá de'n tsaoghal. Ach is furasta cur chugham anois.
Thiocfá go glúine sa stumpa de bhínnse siúd a scraith muid an lá faoi dheire. Meastú nach diabhaltaidhe an t-uisce a chaith sé dhá réir sin?
Eirigh as, nó m'anam-sa ná raibh ag a' diabhal, go dtiubhra mise rud ar a shon duit! Tá'n binnse in a chis ar asair agad.
Fagh an láighe a's glan amach an scrath mharbh sin de'n bhinnse. Ní dheacha tú sáthach domhain leis dhá scrathadh.
Is breagh an binnse móna é sin anois, indomhnach fhéin.
Mara bhfuil tú indon an binnse a choinneál scraithte dhom ná bac leat fhéin! Is olc an aghaidh do bhéilí thú déarfainn.
Fan amach ó éadan a' bhinnse nó tuitfe tú síos sa bportach.
Is deas a' bhail é sin ar fhear atá in a chuid alluis ar bhinnse portaigh ó mhaidin — min bhuidhe a thairgeachtáil dhó tráthnona.
Tá cuisle dhocht sa mbínnse annseo. Bhí sí sa mbarr uachtair freisin = féith nó giodán a bheadh deacair ar a bhaint.
Síos fút is mó a bhaintear móin annseo, ach móin uicht a bhaintear in áiteacha eile. Caithfe tú a dhul síos sa bportach léithi sin, a's aghaidh an tsleaghain a thabhairt ar a' mbínnse. Is mó go mór a' dreabhlás atá imbinnse le na bhaint as ucht ná é 'bhaint fút síos. Cé'n chaoi 'mbaintear sa tír se'agaíbhse í, nó 'bhfuil fód móna 'bith ann?
Is breagh an binnse móna é sin anois, dhá mbeadh sleaghdóir maith in' éadan!
Ní bhfaighe tú aon-bhantáiste ar a' mbinnse choidhchin mar sin. In aghaidh stuif atá tú a' dul. Sa gcloigeann eile a bhí aghad tosuighe, a's ní bheadh a leath oiread anró ort fhéin. Ó'n gcloigeann eile a baineadh é anuiridh go h-áithrid.
Bliadhain a raibh mé a' baint thoir ar phortaigh bharr na gC., deir tú le nead easóige a fuair mé sa mbínnse. M'anam péin go bhfuair! Ach ba portaigh tirme iad.
Dheamhan a n-aireochthá a dhath an tsleaghdóireacht, dhá mbeadh binnse tirm agad. Ach is sraimlidhe an saothar a bheith caruidheacht le binnse fliuch.
Nuair a bhí mé ar bhinnse an darna bairr, bhí an barr íochtair folcuighthe. Ach shil a' t-uisce ó shoin.
Tóig na fóide sin atá caithte ar a' mbínnse, a's cuir ar bruach iad, as a' mbealach.
3.
beinsín = slam, ascallán nó gabhailín bheag chíbe, fhéir, fhiadtaighle etc. Beinsín ruis, luachra, fiadhtoighle etc. (Is beag nach bhfuil sé seo seirgthe sa gcainnt anois, cé's moite de chorr-áit, a's ag duine i bhfad ó chéile).
+–
Gheall tú gine a's punt dom, a's bhí dúil agham cur in a cheann; Culaith ó bhonn go h-uachtar, a's gúna de'n síoda bán; Sin a's a theacht ar cuairt agham, gach neoin a's gach maidin bhreagh; Le luach mo bheinsín luachra a's a bhfuair mé dhá easonóir. ("An Bheinnsin Luachra").
Bhí binsín luachra aige a' teacht.
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair beinsín bruibh leat, má fhéadann tú.
Bhí sé ag imtheacht a's beinsín ruis aige ([i] Muicineach Choille a chuala mé seo).
Bhí beinsín beag luachra bainte aige, a's é dhá thabhairt abhaile.