Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
binse
binse, bínse, beinsín, beínsin: Bíonn na fuaimeannaí sin ar fad air. Chloisfeá iad ar fad sa gceantar céanna.
tá ciall a 3 ionann is seargtha sa gcaint anois. Is beag a bhíos 1 ach an oiread i gceist, cé is moite de chathaoir an bhreithimh. Ach tá ciall a 2 an-choitianta fós.
1.
suíochán, áit suite, stóilín, formna, nó clár a mbeadh clocha nó cléibh faoi chaon cheann dó; tinteán nó suíochán íseal; cathaoir nó áit suite an bhreithimh.
+
Suigh fút ar an mbinse ansiúd thall.
Má tá tú ró-ard ansin, suigh fút ar an mbinse — tinteán nó hob.
TUILLEADH (10) ▼
Leag thall ar a mbinse é.
Deasaigh anuas anseo ar an gcathaoir. Níl sócúl ar bith agat ar an mbinse sin.
Níor thug sé foras ná suaimhneas dhom, chomhuain is a bhí mé mo shuí ar an mbinse, ach ag baint scealpógaí agus plabhtógaí asam. B'éigean dom éirí uaidh ar fad.
Gróigthe ar bhinse beag íseal le balla a bhí sé agus é ag biorú scoilb.
Tá an binse sin salach. Thit corrchuileog shúí air ó mhaidin. Ní mór éadach a chuimilt dhó más leat suí air.
Ní chorraíonn sí chor ar bith den bhinse sa gclúid. Sílim go bhfuil sí buailte suas sa siúl.
Dheamhan a chos a chorraigh den bhinse sin ó mhaidin ach ag breacadh a loirgní le tine. Is géar a theastódh fír na maitheasa a chur ann.
Bhí lucht na tórrtha ina suí ar bhinsí amuigh sa scioból.
Bhí jug fuisce leagtha ar an mbinse agus é fhéin ag baint corrshúmóg as, ach ba bheag an lua a bhí aige, aon deoir a thabhairt d'aon duine eile.
Bhí an breitheamh ina shuí thuas ansiúd ar an mbinse agus a chaipín geal air.
2.
banc, nó éadan de phortach a bheadh scraite agus a mbeifí ag baint mhóna air.
+
D'fhága mé an sleán ar an mbinse — binse an phortaigh
Bhí cloch sa mbinse agus fhóbair dhi an sleán a bhriseadh orm.
TUILLEADH (26) ▼
Tá an tuile éirithe ar an mbinse a bhfuil mé ag baint air.
Binse glan le baint é — níl uisce ag éirí air ná níl dearglaoch, feoil chapaill, clocha, ná treampán ar bith ann
Tá ag teacht faoin mbinse seo. Sílim go ndéanfaidh sé uisce as éadan.
Gheobhaidh tú mo phíopa thíos ar bhinse an darna bairr. Fuil leat síos agus tabhair agam (chugam) é.
Bhí binse an chéad bhairr sách éasca, ach dheamhan gaisce ar bith ar bhinse an darna barr. Tá feoil chapaill agus dearglaoch ann.
Bainfidh an binse sin cneadach asat shula mbeidh sé bainte agat.
Tá cuid den bhinse seo siar i do dhiaidh sách docht deirimse leat.
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinse seo fós — ina bhfuil bainte agam ar chaoi ar bith. Tá chaon darna fód ag sceitheadh orm.
Caithfidh mé stróic eile den bhinse a shioscadh. Féadfaidh tusa an cnap móna sin a scaradh go mbeidh mise réidh agat aríst.
D'ardaigh an t-uisce orm go raibh sé cab ar chab leis an mbinse a bhí mé a bhaint.
Níorbh í an choigealach i lámha na hóinsí, sleán in mo láimhse ar bhinse portaigh lá den tsaol. Ach is furasta cur chugam anois.
Thiocfá go glúine sa stumpa de bhinse siúd a scraith muid an lá faoi dheireadh. Meas tú nach diabhaltaí an t-uisce a chaith sé dhá réir sin?
Éirigh as, nó m'anamsa ná raibh ag an diabhal, go dtabharfaidh mise rud ar a shon duit! Tá an binse ina chis ar easair agat.
Faigh an láí agus glan amach an scraith mharbh sin den bhinse. Ní dheachaigh tú sách domhain leis dhá scrathadh.
Is breá an binse móna é sin anois i nDomhnach fhéin.
Mura bhfuil tú in ann an binse a choinneáil scraite dhom ná bac leat fhéin! Is olc an oidhe do bhéilí thú déarfainn.
Fan amach ó éadan an bhinse nó titfidh tú síos sa bportach.
Is deas an bhail é sin ar fhear atá ina chuid allais ar bhinse portaigh ó mhaidin — min bhuí a thairgeachtáil dhó tráthnona.
Tá cuisle dhocht sa mbinse anseo. Bhí sí sa mbarr uachtair freisin — féith nó geadán a bheadh deacair ar a bhaint.
Síos fút is mó a bhaintear móin anseo, ach móin uicht a bhaintear in áiteacha eile. Caithfidh tú a dhul síos sa bportach léithe sin agus aghaidh an tsleáin a thabhairt ar an mbinse. Is mó go mór an drabhlás atá i mbinse lena bhaint as ucht ná é a bhaint fút síos. Cén chaoi a mbaintear sa tír s'agaibhse í, nó an bhfuil fód móna ar bith ann?
Is breá an binse móna é sin anois, dhá mbeadh sleádóir maith ina éadan!
Ní bhfaighidh tú aon bhuntáiste ar an mbinse choíchin mar sin. In aghaidh stuif atá tú ag dul. Sa gcloigeann eile a bhí agat tosaí agus ní bheadh a leath oiread anró ort fhéin. Ón gcloigeann eile a baineadh é anuraidh go háirid.
Bliain a raibh mé ag baint thoir ar phortaigh bharr na gC., deir tú le nead easóige a fuair mé sa mbinse. M'anam péin go bhfuair! Ach ba portaigh tirime iad.
Dheamhan a n-aireofá a dhath an tsleádóireacht dhá mbeadh binse tirim agat. Ach is sraimlí an saothar a bheith coraíocht le binse fliuch
Nuair a bhí mé ar bhinse an darna bairr, bhí an barr íochtair folcaithe. Ach shil an t-uisce ó shin.
Tóg na fóide sin atá caite ar an mbinse agus cuir ar bruach iad as a mbealach.
3.
 binsín: slám, ascallán nó gabháilín bheag chíbe, fhéir, fhiadtaighle srl. Binsín rois, luachra, fiataíola srl. Is beag nach bhfuil sé seo seargtha sa gcaint anois, cé is moite de chorráit agus ag duine i bhfad ó chéile.
+
"Gheall tú gine agus punt dom, agus bhí dúil agam cur ina cheann; Culaith ó bhonn go huachtar, agus gúna den síoda bán; Sin agus a theacht ar cuairt agam, gach neoin agus gach maidin bhreá; Le luach mo bhinsín luachra agus a bhfuair mé dhá easonóir." (An Bhinsin Luachra)
Bhí binsín luachra aige ag teacht.
TUILLEADH (3) ▼
Tabhair binsín broibh leat má fhéadann tú
Bhí sé ag imeacht agus binsín rois aige (i Muicineach Choille a chuala mé seo)
Bhí binsín beag luachra bainte aige agus é dhá thabhairt abhaile

binse in iontrálacha eile (9)

 
cab
Is le bheith d'uireasa móna dhuit a bheith i gcleithiúnas an phortaigh siúd. Tá an t-uisce éirithe inniu ann cab ar chab leis an mbinse.
 
beann
Bhris mé binn an tsleáin le cloich a bhí sa mbinse
+
fód
Cé mhéad fód é an binse? (ar leithead)
TUILLEADH (1) ▼
'Sé an sórt caoi a bhfuil a chuid sleádóireacht sin anois, dhá ligtheá síos i mbinse móna é, ní aithneodh sé an fód ascaille ach an oiread leis an bhfód ciumhais (an fód atá amuigh ar cholbha an bhinse). Chonaic muid a leithidí cheana a chuaigh ag baint le sluaiste! Sin í corp na fírinne
 
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
 
danra
Ní raibh de chailleadh chor ar bith ar an mbarr uachtair. Diabhal mé go raibh, agus an mhóin roinnt sceiteach féin — briosc adéarfá. Ach nuair a theann mé síos sa mbarr láir agus sa mbarr íochtair, bhí sí danra a dheartháir — danra. B'éigean dom cosa i dtaca a chur orm féin ar an mbinse leis an sleán a chur thríthi. Rinne an barr íochtair puca críochnaithe dhíom
 
deacair 2
Bíodh a fhios agat go bhfuil an binse a bhfuil mise air anois chomh deacair sin, agus go gcaithim mo chois a chur ar an mbróigín scaití. Déarfá go bhfuil sin sách suarach
 
dlaoi
Is diabhlaí pointeáilte an fear é. Más é an coca tuí fhéin é, ní fhágfaidh sé dlaoi ná dlaíóig ar sliobarna leis. Chonaic mé thuas é ag scrathadh portaigh an lá faoi dheireadh. Nuair a bheadh píosa scraite aige i gcónaí, ghabhfadh sé ar ais go mbainfeadh sé lorgachaí a chos as an mbinse!
 
Caithfidh tú an láí a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá dromainn suas uileag ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roinnt, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhinse é, thar is aon cheann dhá bhfaca mise timpeall anseo