Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Biorach
aidiacht
1.
rud biorruighthe; rud a bheadh rinneach nó géar as a bharr nó snuighte, biorruighthe.
+
Fainic na clocha biorach sin ar do chosa.
Dia aithnightear! Fan amach ó'n gcloich bhiorach sin, nó cuirfe sé éagcaoineadh ort.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag a' dochar do ghasúir, speireachaí a's bonn-bhualadh fhéin a bheith orra(b), a's a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach aca(b) annsin thíos, a's dheamhan duine dhá dteang(mh)ócha ceann aca(b) le na chosa, nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliadhna.
Cé'n t-ainm atá ar a' gcnuicín biorach thoir?
Sé'n cnoc biorach sin ó dheas, Cnoc a' Chaisil.
Tá Lic Áimhréidh in a chnoc chomh biorach le ceachtar aca.
Tá an-fheiceál de'n chnocán biorach sin.
Tá aill mhór bhiorach ar a bharr.
Tá scóthach biorach amach sa bhfairrge ann, a's d'fhéadfá siubhal amach ann ar dhiaidh-thrágha = ros géar talmhan sínte amach sa bhfairrge, a d'fhéadfá a shiubhal, nuair a bheadh sé in a thráigh.
+
Tabh'r 'om ceann de na tairngí biorracha sin. 'Siad is foghaintighe annseo.
Measc é leis a' maide biorach sin thall.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh slat-mhaide biorach, agham, b'fhéidir di cúis a dhéanamh.
Is bioraighe í an churrach as a buaic, ná'n bád iomradha.
Gruadháin d'fhataí móra bioracha iad na 'dates'.
+
Cáide'o a thosuigh caitheamh ar na hataí bioracha sin? InDomhnach fhéin ní deas iad!
Is gránna an feic í faoi na haitín biorach!
TUILLEADH (2) ▼
Cá'il speic bhiorach a' gabhail? (duine a mbeadh caipín a's speic ghéar uirre, air).
Má thaobhuigheann tú isteach a' teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfa tú é, gan dual na druinne a fhaghail. Rinne tú do cheart míllteanais, an oidhche faoi dheire, a's gan a bheith ag iarraidh tuille 'dhéanamh anocht.
+
Tá mullach an-bhiorach air = barr a chloiginn rinneach nó géar.
Ní fhaca tú áirdín a' chúil chomh biorach ag aon-duine ariamh a's atá sé aige.
TUILLEADH (2) ▼
Tá cuinncín a shróin' an-bhiorach
Tá smigín bhiorach uirre, a's srón gheanncach a's craiceann geal.
+
Sílim gurab í an cheaircín bhiorach a mharbhóchas mé = cearc a bheadh caol nó caoluighthe amach as a tosach nó a buaic.
Tá'n catmara críochnuighthe ar a' sicín biorach sin. Ní túisce istigh ná amuigh í, a's bíonn sí ag uallfairt 'chuile phuinnte sa ló.
TUILLEADH (1) ▼
Is furas aithne dhuit í. 'Sí an sicín is bioraighe ar an ál í.
2.
gangaideach, urchóideach, oilbhéasach.
+
Is olc biorach an laisceach í sin, má chuireann duine araoid a' bith uirre.
Tá sí chomh biorach le snáthaid, le cuir chuice ná uaithe.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí chomh biorach le 'nímé cé hé', a's í i gcomhnuidhe goinighthe amach 'un cocaireachta.
Sin í fhéin an ágóid bhiorach le drannadh léithe.
3.
buaidhteach, gnóithteach (i gcártaí).
+
Bhí Seán a' teacht isteach biorach (bearach adeirtear in áiteachaí) = bhí a chárta gan bualadh. Bhí a chárta buaidhteach, nó gnoithteach, a' teacht isteach faoi'n bhfear imeartha.
Nach feidheartha a bhí an bord, a's an dó beag a leigean isteach biorach = ba dona na cartaí a bhí amuigh, lá'r leigeadh an dó beag (hairt, nó muileata) isteach gnóithteach.
TUILLEADH (20) ▼
Chuaidh ceathair muileata biorach timcheall a' bhuird go dtí fear roinnte (fear déanta) = is dóigh gur lom, nó gur imir fear tabhartha é, a's go dtug sé cuairt an bhuird gan a bhualadh.
Sin í an imirt agad, mo chreach! An bhainrioghan a leigean isteach biorach, faoi fhear falamh, a's an bun a' gabhail amach.
Leigfe mise tharm biorach freisin é, muis! Níl aon-bhaint agham dó! = níl a bhualadh agam.
Má tá an ceathair a' teacht isteach biorach, is leis uaimse.
Nach tráthamhail a tháinic an ceathair biorach!
Ní leigfeadh sé sin a' cíonán thairis biorach, a dhuine mo chroidhe = bíonn mámh is fhearr ná'n cíonán aige i gcomhnuidhe; tá sé an-bhuailteach; bíonn sé tráthamhail leis a' mámh bairr i gcomhnuidhe.
Is deas a chuaidh mo dhó beag isteach biorach ingan-fhios do na gadhair mhóra ar fad.
Shíl mé go dtiocfadh mo shé fút biorach, ach níor thug sé an eang leis in a dhiaidh sin = buaileadh a chárta sul ar shroich sé an té a raibh sé a' cainnt leis.
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtidhe, a's 'fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
Céard tá 'teacht biorach? = cé'n cárta ar leis? cén cárta atá 'teacht gnóithteach.
Bhí leisce orm baint leis an gceathair, a's leig mé tharm biorach go dtí fear déanta é.
D'iagcóir Dé dhuit a bhain leis a' t-aona heairt nar leig isteach biorach í, go bhfaghainnse snaidhm uirre le mo chuileata.
Ní féidir gur leig sib isteach biorach é, a's triúr agaibh annsin le na bhacadh.
Ní thiocfa mise imbarr do chúig ort, ó leig 'chuile dhuine eile isteach biorach thú = ní bhuailfe mise thú, ó thug do chárta an eang leis, go dtí seo.
Is ait a chruthaigh mo thrí, a's an cúrsa a dhéanamh biorach.
Tuille ghéar do'n diabhal agad anois, a leig an dó isteach biorach a's a bhualadh istigh in do ghlaic.
Dhá n-eirigheadh le mo dheich a dhul timcheall biorach, lomfainn an chuileata.
Shíl mé go dtiocfadh an bhainríoghan timcheall biorach, a's bheadh tuitim imeartha agam annsin leis a' gcuileata, arae bhí drámhaisí ar foghnamh agham. In a leaba sin, is amhla a bhánuigh mé mé fhéin, a' gabhail 'san áit nar bhain dhom.
Níorbh é mo cheart cur fútsa chor a' bith, ach ní fhéadfainn a mhaltraid a dhéanamh lá's go raibh do pháirtidhe ag dul isteach biorach.
Fhobair do mo sheacht srianadh isteach biorach.

Biorach in iontrálacha eile (7)

 
buail
Má bhí bualadh an naoi agad, breagh ar leig tú isteach biorach é?
 
amach
Dhá mbeitheá gan Pádraic a leigean isteach biorach, choinneo(chth)á an bun gan a dhul amach.
 
imir
Cé'n sórt imirt a thug tú orra(b)? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtidhe = níor dhrann sé le cártaí duine de'n chomlán a bhí in aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin.
+
Leig tú dó muileata isteach biorach agus fhusacht duit a bualadh = bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach in a leaba sin scaoil sé thairis gnóithte (biorach) é, go dtí an té a raibh an imirt a' teacht chuige.
TUILLEADH (2) ▼
Leig tú a pháirtidhe isteach biorach = scaoil sé cártaí páirtidhe amháin gnóithte chomh fada leis an bpáirtidhe eile agus ughdar a bhuailte in a ghlaic.
Is dona a frítheadh mé, agus go mb'éigin dom deich triuf a leigean isteach biorach = is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé indon deich triuf a bhualadh ag dul tharm.
 
drámh
Cé'n chiall duit an drámh sin a leigint isteach biorach, agus mámh in do ghlaic agad … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na h-uibheachaí muis!