Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
biorach
aidiacht
1.
rud bioraithe; rud a bheadh rinneach nó géar as a bharr nó snoite bioraithe.
+
Fainic na clocha biorach sin ar do chosa
Dia aithnítear! Fan amach ón gcloich bhiorach sin nó cuirfidh sé éagaoineadh ort.
TUILLEADH (7) ▼
Is beag an dochar do ghasúir, speireachaí agus bonnbhualadh fhéin a bheith orthub agus a bhfuil de chlocha bioracha ar na bóithrí. Tá cladach acub ansin thíos agus dheamhan duine dhá dteangmhóidh ceann acub le na chosa nach mbeidh buailte suas aríst ar feadh na bliana.
Cén t-ainm atá ar an gcnoicín biorach thoir?
'Sé an cnoc biorach sin ó dheas, Cnoc an Chaisil.
Tá Leic Áimhréidh ina chnoc chomh biorach le ceachtar acu.
Tá an-fheiceáil den chnocán biorach sin.
Tá aill mhór bhiorach ar a bharr.
Tá scothach biorach amach sa bhfarraige ann agus d'fhéadfá siúl amach ann ar dhíthrá — ros géar talún sínte amach sa bhfarraige a d'fhéadfá a shiúl nuair a bheadh sé ina thrá
+
Tabhair dhom ceann de na tairní bioracha sin. 'Siad is fóintí anseo.
Measc é leis an maide biorach sin thall.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh slatmhaide biorach, agam, b'fhéidir di cúis a dhéanamh.
Is bioraí í an churach as a buaic, ná an bád iomraimh.
Gruáin d'fhataí móra bioracha iad na dates.
+
Cáide ó thosaigh caitheamh ar na hataí bioracha sin? I nDomhnach fhéin, ní deas iad!
Is gránna an feic í faoina haitín biorach!
TUILLEADH (2) ▼
Cá'il speic bhiorach ag gabháil? (duine a mbeadh caipín agus speic ghéar uirthi air)
Má thaobhaíonn tú isteach an teach seo aríst, a speic bhiorach, ní fhágfaidh tú é gan dual na droinne a fháil. Rinne tú do cheart millteanais an oíche faoi dheireadh agus gan a bheith ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh anocht.
+
Tá mullach an-bhiorach air — barr a chloiginn rinneach nó géar
Ní fhaca tú airdín an chúil chomh biorach ag aon duine ariamh agus atá sé aige.
TUILLEADH (2) ▼
Tá caincín a shróine an-bhiorach.
Tá smigín bhiorach uirthi, agus srón gheancach agus craiceann geal
+
Sílim gurb í an cheaircín bhiorach a mharós mé — cearc a bheadh caol nó caolaithe amach as a tosach nó a buaic
Tá an cat mara críochnaithe ar an sicín biorach sin. Ní túisce istigh ná amuigh í, agus bíonn sí ag uallfairt chuile phointe sa ló.
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta a aithne dhuit í. 'Sí an sicín is bioraí ar an ál í.
2.
gangaideach, urchóideach, oilbhéasach.
+
Is olc biorach an laisceach í sin má chuireann duine araoid ar bith uirthi.
Tá sí chomh biorach le snáthaid le cur chuici ná uaithi.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sí chomh biorach le ní mé cé hé, agus í i gcónaí goinithe amach chun cocaireachta.
Sin í fhéin an ágóid bhiorach le drannadh léithe
3.
 buaiteach, gnóiteach (i gcártaí).
+
Bhí Seán ag teacht isteach biorach (bearach adeirtear in áiteachaí) — bhí a chárta gan bualadh. Bhí a chárta buaiteach nó gnoiteach ag teacht isteach faoin bhfear imeartha.
Nach feidheartha a bhí an bord agus an dó beag a ligean isteach biorach — ba dona na cartaí a bhí amuigh lá ar ligeadh an dó beag (hairt nó muileata) isteach gnóiteach
TUILLEADH (20) ▼
Chuaigh ceathair muileata biorach timpeall an bhoird go dtí fear roinnte (fear déanta) — is dóigh gur lom nó gur imir fear tabhartha é, agus go dtug sé cuairt an bhoird gan a bhualadh
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
Ligfidh mise tharam biorach freisin é, muis! Níl aon bhaint agam dó! — níl a bhualadh agam
Má tá an ceathair ag teacht isteach biorach, is leis uaimse.
Nach tráthúil a tháinig an ceathair biorach!
Ní ligfeadh sé sin an cíonán thairis biorach, a dhuine mo chroí — bíonn mámh is fhearr ná an cíonán aige i gcónaí; tá sé an-bhuailteach; bíonn sé tráthúil leis an mámh bairr i gcónaí
Is deas a chuaigh mo dhó beag isteach biorach i ngan fhios do na gadhair mhóra ar fad.
Shíl mé go dtiocfadh mo shé fút biorach, ach níor thug sé an eang leis ina dhiaidh sin — buaileadh a chárta sular shroich sé an té a raibh sé ag caint leis
Ní chuirfinn ag imirt chnaipí thú! Scaoil tú an fear seo thall isteach biorach ag a pháirtí, agus a fhusacht duit an seaichtín salach a bhí aige a bhualadh!
Céard atá ag teacht biorach? — cén cárta ar leis? cén cárta atá ag teacht gnóiteach
Bhí leisce orm baint leis an gceathair, agus lig mé tharam biorach go dtí fear déanta é.
D'éagóir Dé dhuit a bhain leis an t-aon a hairt nár lig isteach biorach í go bhfaighinnse snaidhm uirthi le mo chuileata.
Ní féidir gur lig sibh isteach biorach é agus triúr agaibh ansin lena bhacadh.
Ní thiocfaidh mise i mbarr do chúig ort ó lig chuile dhuine eile isteach biorach thú — ní bhuailfidh mise thú, ó thug do chárta an eang leis go dtí seo
Is ait a chruthaigh mo thrí agus an cúrsa a dhéanamh biorach.
Tuilleadh ghéar den diabhal agat anois a lig an dó isteach biorach agus a bhualadh istigh in do ghlaic.
Dhá n-éiríodh le mo dheich a dhul timpeall biorach, lomfainn an chuileata.
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
Níorbh é mo cheart cur fútsa chor ar bith, ach ní fhéadfainn a mhalrait a dhéanamh lá is go raibh do pháirtí ag dul isteach biorach.
Fhóbair do mo sheacht srianadh isteach biorach.

biorach in iontrálacha eile (23)

+
Bhioraigh sé scothbheairtín maith anocht.
TUILLEADH (9) ▼
Níor bhioraigh an gabha an chocáil sách maith ar an gcrú.
Bioraigh an pionna sin dhom go gcuire mé i stuaicín na cruibeach é (cruib ar chairt)
Bhioraigh mé na claíochaí sin tá mí ó shin, ach is aon mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in airde aríst.
Déan balla fidín i dtosach agus bioraigh suas ansin é le leathchlocha.
Bioraigh do chluasa — dírigh iad; ardaigh iad i gcruth airdill agus éisteachta; cuir cluais ort fhéin
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhioraigh sé na cluasa.
Bhioraigh an capall na cluasa agus thosaigh sí ag sianaíl. Bhuail faitíos mé go raibh sí oilbhéasach
Shíl mé gur le oilbhéas a bhioraigh sé na cluasa, ach níorbh ea ach le fonn lúitéise (madadh)
Bhioraigh an madadh na cluasa agus chuir sé colg air fhéin liom.
 
breá
Breá nár bhioraigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in airde aríst faoi cheann cupla lá?
 
buail
Má bhí bualadh an naoi agat, breá ar lig tú isteach biorach é?
 
airigh
Bioraigh do chluasa agus aireoidh tú é chomh maith le duine.
 
amach
Dhá mbeifeá gan Pádraic a ligean isteach biorach, choinneofá an bun gan a dhul amach.
 
imir
Cén sórt imirt a thug tú orthub? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtí — níor dhrann sé le cártaí duine den chomlán a bhí ina aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin
+
Lig tú dó muileata isteach biorach agus a fhusacht duit a bualadh — bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach ina leaba sin scaoil sé thairis gnóite (biorach) é go dtí an té a raibh an imirt ag teacht chuige
TUILLEADH (2) ▼
Lig tú a pháirtí isteach biorach — scaoil sé cártaí páirtí amháin gnóite chomh fada leis an bpáirtí eile agus údar a bhuailte ina ghlaic
Is dona a frítheadh mé agus go mb'éigean dom deich triuf a ligean isteach biorach — is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé in ann deich triuf a bhualadh ag dul tharam
 
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
 
deis
Má fhaigheann tú deis ar bith an tseachtain seo, bioraigh na claíochaí ar Gharraí an Chl. Má fhágtar chomh maolscríobach siúd iad, gabhfaidh an drochrath ar ár gcuid féir ar fad
 
do- 2
Tá an talamh atá ansin thuas againn dochoisnithe. D'fhéach mé lena chosaint anuraidh agus arú anuraidh. D'fhálaigh mé é, bhioraigh mé na claíochaí, chuir mé sceacha orthu, ach bhí mo shaothar in aisce agam. Bhí siad leagtha go talamh faoi cheann coicíse
 
drámh
Cén chiall duit an drámh sin a ligint isteach biorach agus mámh in do ghlaic agat … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na huibheachaí muis!
 
Tá ag dul orainn sa gcluiche seo. Bioraigh amach. Níl muid ach deich agus tá siad seo eile fiche. Caith cíonán astu thú féin