Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Biorach, Biorachaí
ainm-fhocal
1.
srumh nó púcóg a cuirtear ar chloigeann laoigh nó searraigh le na gcoisceadh nó a gcur ó dhiúl. Bearach a tugtar air in áiteachaí.
+
Caithfidhear biorach a chur ar a' laogh sin, mar ní féidir é a choinneál ó dhiúl.
Ní fhágfadh sé striug bhainne ag a' mbó, marach gur cuireadh biorach air.
TUILLEADH (15) ▼
'Sé 'bhfuil le déanamh agad leis, biorach a bhualadh air, go n-eirighe sé as an bhfaisean sin.
Má chuireann tú biorach air, leigfe sé de'n diúl.
Tá'n laogh sin a' cothú an-tsuaidhte, ó cuireadh biorach air: níl ithe a chodach chor a' bith anois ann.
Sin é an deasú anois air, biorach a fháisceadh air.
Deir tú leis a' suc de laogh sin, nach leagfadh smut ar aon-deoir bhainne, ó cuireadh a' bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfe tú fhéin air, nuair a theánnfas an t-ocras leis.
Tá sé gránuighthe ar a' mbainne ó cuireadh an bhiorach air: is beag a' tsásuigheacht atá air, nach bhfaghann sé cead diúil.
Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfidís biorach ar a' laoighdín siúd, a's gan é 'bheith diúl fós.
Tá faitchíos orm, faoi nar imthigh an faisean fós uaidh, go gcaithfear biorach a choinneál air, chomhuain's bheidheas an mháthair ar a lacht.
Cé'n chaoi bhféadfadh a bheith in a lacht (lacht bó) ach a' teirgéis, a's an peata de laogh sin a' diúl uirre 'chuile ré soluis, i leaba biorach a chuir air, nó é 'dhealú uaithe.
Is beag a' fonn táil atá uirre ó cuireadh biorach ar a' laogh.
Shílfeá go raibh sé luath go leor aca(b) biorach a chuir fós air. Ní mórán de lacht a mháthar a fuair a' créatúr.
Is dona an rud biorach a chuir ro-luath ar a' gcéad laogh, mar ní mian le na máithreachaí tál, má chuirtear.
B'éigean biorach a chuir air, arae dá bhfaghadh sé leigean a' bith ar a' máthair, bhí sé rithte a' diúl uirre.
Tá tú a' déanamh éagcóra ar a' laoighdín sin, biorach a chuir air.
Bhí biorach ar sin, go raibh sé suas in a ghamhain, arae níorbh fhéidir é 'choisceadh ó dhiúl na máthar.
2.
Biorachaí = daoine, nó cártaí a bheadh a' teacht buaidhteach, nó gnóithteach, nó ar chuid gnothachan.
+
Buailfe mise biorachaí, hébrí cé'n chaoi a racha liom.
Sceannfa mé biorachaí rómham, is cuma cé'n chaoi a dtiocfa an saoghal dhom.
TUILLEADH (11) ▼
Ní leigfe mise biorachaí thar mo dhorus, chomh uain's 'bheidheas tada agham.
Bailigheadh le biorachaí anois; sin é an deasú (an gléas) ar bhiorrachaí (iad a bhualadh).
Mo chuach mé fhéin, nar leig biorachaí tharm ariamh, mara mbeinn feidheartha ar fad.
Tá biorachaí a' teacht ag mo dhorus (i.e ag dul tharm) ar feadh na h-oidhche a's gan goir agam drannadh leo(b).
Tá mo ghlaic bánuighthe a' bualadh biorachaí beaga, truaillighthe leat, i gcaitheamh na h-oidhche = bhíodh cártaí beaga fánacha leis a' gceann eile, a' teacht isteach buaidhteach (nó biorach) faoi i gcomhnuidhe, a's chailleadh sé cartaí maith dhá mbualadh.
Is ait na cártaí atá mé 'chailleadh le biorachaí fánacha.
Chuaidh tú le cráin eicínt, a's an deis atá ort a' gabhail tharm biorach, ó tháinic an oidhche ("teigheann duine le cráin", nuair a bhíos ádh imeartha air).
Marach go gcuireann tú scailp eicínt 'sna cártaí, do cheann fine, ní fhéadfadh a theacht biorach mar sin 'chuile phuínnte.
Ní minic leis biorachaí a leigean thairis, gan snaidhm a thabhairt uaidh, má bhíonn tada de'n rath aige.
Fanócha biorachaí uaimse feasta, deirimse leat, th'éis an iarrtha sin.
Is fada anall fúmsa a tháinic biorachaí, a's a fhusacht dóib fanacht sa mbaile. Ach ní thiocfa siad aríst ann (nuair a bhuailfeadh duine snaidhm ar dhuine a tháinic faoi, a's nar cheart dó a theacht faoi; narbh é áit é)

Biorach in iontrálacha eile (7)

 
buail
Má bhí bualadh an naoi agad, breagh ar leig tú isteach biorach é?
 
amach
Dhá mbeitheá gan Pádraic a leigean isteach biorach, choinneo(chth)á an bun gan a dhul amach.
 
imir
Cé'n sórt imirt a thug tú orra(b)? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtidhe = níor dhrann sé le cártaí duine de'n chomlán a bhí in aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin.
+
Leig tú dó muileata isteach biorach agus fhusacht duit a bualadh = bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach in a leaba sin scaoil sé thairis gnóithte (biorach) é, go dtí an té a raibh an imirt a' teacht chuige.
TUILLEADH (2) ▼
Leig tú a pháirtidhe isteach biorach = scaoil sé cártaí páirtidhe amháin gnóithte chomh fada leis an bpáirtidhe eile agus ughdar a bhuailte in a ghlaic.
Is dona a frítheadh mé, agus go mb'éigin dom deich triuf a leigean isteach biorach = is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé indon deich triuf a bhualadh ag dul tharm.
 
drámh
Cé'n chiall duit an drámh sin a leigint isteach biorach, agus mámh in do ghlaic agad … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na h-uibheachaí muis!