biorach, biorachaí
—ainmfhocal
1.
srubh nó púcóg a cuirtear ar chloigeann lao nó searraigh lena gcoisceadh nó a gcur ó dhiúl; bearach a tugtar air in áiteachaí.
+–
Caithfear biorach a chur ar an lao sin mar ní féidir é a choinneáil ó dhiúl
Ní fhágfadh sé striog bhainne ag an mbó murach gur cuireadh biorach air.
TUILLEADH (15) ▼
'Sé a bhfuil le déanamh agat leis, biorach a bhualadh air go n-éirí sé as an bhfaisean sin.
Má chuireann tú biorach air, ligfidh sé den diúl.
Tá an lao sin ag cothú an-tsuaite ó cuireadh biorach air: níl ithe a chodach chor ar bith anois ann.
Sin é an deasú anois air, biorach a fháscadh air.
Deir tú leis an suc de lao sin nach leagfadh smut ar aon deoir bhainne ó cuireadh an bhiorach air. Ach ólfa sé ar ball é, feicfidh tú fhéin air, nuair a theannfas an t-ocras leis.
Tá sé gráinithe ar an mbainne ó cuireadh an bhiorach air: is beag an tsásaíocht atá air nach bhfaigheann sé cead diúil.
Is mór an t-ionadh nach gcuirfidís biorach ar an laoidín siúd agus gan é a bheith ag diúl fós.
Tá faitíos orm, faoi nár imigh an faisean fós uaidh, go gcaithfear biorach a choinneáil air chomhuain is a bheas an mháthair ar a lacht.
Cén chaoi a bhféadfadh a bheith ina lacht (lacht bó) ach an teirgéis, agus an peata de lao sin ag diúl uirthi chuile ré solais, i leaba biorach a chur air nó é a dhealú uaithi.
Is beag an fonn táil atá uirthi ó cuireadh biorach ar an lao.
Shílfeá go raibh sé luath go leor acub biorach a chur fós air. Ní mórán de lacht a mháthar a fuair an créatúr.
Is dona an rud biorach a chur róluath ar an gcéad lao, mar ní mian le na máithreachaí tál má chuirtear.
B'éigean biorach a chur air, arae dá bhfaigheadh sé ligean ar bith ar an máthair, bhí sé rite ag diúl uirthi.
Tá tú ag déanamh éagóra ar an laoidín sin, biorach a chur air.
Bhí biorach air sin go raibh sé suas ina ghamhain, arae níorbh fhéidir é a choisceadh ó dhiúl na máthar.
2.
biorachaí: daoine, nó cártaí a bheadh ag teacht buaiteach nó gnóiteach, nó ar chuid gnóthachan
+–
Buailfidh mise biorachaí, hé brí cén chaoi a rachaidh liom.
Sceanfaidh mé biorachaí romham, is cuma cén chaoi a dtiocfaidh an saol dhom.
TUILLEADH (11) ▼
Ní ligfidh mise biorachaí thar mo dhoras, chomhuain is a bheas tada agam.
Bailíodh le biorachaí anois; sin é an deasú (an gléas) ar bhiorachaí (iad a bhualadh)
Mo chuach mé fhéin nár lig biorachaí tharam ariamh, mura mbeinn feidheartha ar fad.
Tá biorachaí ag teacht ag mo dhoras (.i. ag dul tharam) ar feadh na hoíche agus gan gair agam drannadh leob
Tá mo ghlaic bánaithe ag bualadh biorachaí beaga truaillithe leat i gcaitheamh na hoíche — bhíodh cártaí beaga fánacha leis an gceann eile ag teacht isteach buaiteach (nó biorach) faoi i gcónaí agus chailleadh sé cartaí maith dhá mbualadh
Is ait na cártaí atá mé a chailleadh le biorachaí fánacha.
Chuaigh tú le cráin eicínt agus an deis atá ort ag gabháil tharam biorach ó tháinig an oíche ("téann duine le cráin", nuair a bhíos ádh imeartha air)
Murach go gcuireann tú scailp eicínt sna cártaí, do cheann fine ní fhéadfadh a theacht biorach mar sin chuile phointe.
Ní minic leis biorachaí a ligean thairis gan snaidhm a thabhairt uaidh, má bhíonn tada den rath aige.
Fanóidh biorachaí uaimse feasta, deirimse leat, théis an iarrtha sin.
Is fada anall fúmsa a tháinig biorachaí, agus a fhusacht dóibh fanacht sa mbaile. Ach ní thiocfaidh siad aríst ann (nuair a bhuailfeadh duine snaidhm ar dhuine a tháinig faoi agus nár cheart dó a theacht faoi; nárbh é a áit é)
biorach in iontrálacha eile (23)
+
→
bioraím
Bhioraigh sé scothbheairtín maith anocht.
TUILLEADH (9) ▼
Níor bhioraigh an gabha an chocáil sách maith ar an gcrú.
Bioraigh an pionna sin dhom go gcuire mé i stuaicín na cruibeach é (cruib ar chairt)
Bhioraigh mé na claíochaí sin tá mí ó shin, ach is aon mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in airde aríst.
Déan balla fidín i dtosach agus bioraigh suas ansin é le leathchlocha.
Bioraigh do chluasa — dírigh iad; ardaigh iad i gcruth airdill agus éisteachta; cuir cluais ort fhéin
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhioraigh sé na cluasa.
Bhioraigh an capall na cluasa agus thosaigh sí ag sianaíl. Bhuail faitíos mé go raibh sí oilbhéasach
Shíl mé gur le oilbhéas a bhioraigh sé na cluasa, ach níorbh ea ach le fonn lúitéise (madadh)
Bhioraigh an madadh na cluasa agus chuir sé colg air fhéin liom.
→
breá
Breá nár bhioraigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in airde aríst faoi cheann cupla lá?
→
imir
Cén sórt imirt a thug tú orthub? Scaoil tú mo dhuine isteach biorach agus bhuail tú do pháirtí — níor dhrann sé le cártaí duine den chomlán a bhí ina aghaidh. Scaoil sé thairis é, ach bhuail sé an té a bhí i gcomhar leis fhéin
+
→
isteach
Lig tú dó muileata isteach biorach agus a fhusacht duit a bualadh — bhí mámh aige a bhuailfeadh dó muileata ag dul thairis, agus b'fhurasta dó é a bhualadh, ach ina leaba sin scaoil sé thairis gnóite (biorach) é go dtí an té a raibh an imirt ag teacht chuige
TUILLEADH (2) ▼
Lig tú a pháirtí isteach biorach — scaoil sé cártaí páirtí amháin gnóite chomh fada leis an bpáirtí eile agus údar a bhuailte ina ghlaic
Is dona a frítheadh mé agus go mb'éigean dom deich triuf a ligean isteach biorach — is feidheartha an lámh chártaí a bhí agam agus gan mé in ann deich triuf a bhualadh ag dul tharam
→
dealg
Níl sé inrásta a dhul chuig an teach aige anois chor ar bith le deilgne. Bhioraigh sé an iothlainn le sceacha, agus streachail na gasúir nó an gála anuas aríst iad agus tá an bóithrín druidte leo anois. Níl a fhios agam cén chaoi a seolann siad bó ar bith acu
→
deis
Má fhaigheann tú deis ar bith an tseachtain seo, bioraigh na claíochaí ar Gharraí an Chl. Má fhágtar chomh maolscríobach siúd iad, gabhfaidh an drochrath ar ár gcuid féir ar fad
→
do- 2
Tá an talamh atá ansin thuas againn dochoisnithe. D'fhéach mé lena chosaint anuraidh agus arú anuraidh. D'fhálaigh mé é, bhioraigh mé na claíochaí, chuir mé sceacha orthu, ach bhí mo shaothar in aisce agam. Bhí siad leagtha go talamh faoi cheann coicíse
→
drámh
Cén chiall duit an drámh sin a ligint isteach biorach agus mámh in do ghlaic agat … Ba mhór leat a dhul dhá leanacht: sin é an áit ar chac tú ar na huibheachaí muis!
→
téigh ar
Tá ag dul orainn sa gcluiche seo. Bioraigh amach. Níl muid ach deich agus tá siad seo eile fiche. Caith cíonán astu thú féin