Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bleághanach
taoscán mór uisce, bainne, fuisce, leann, fual etc.
+
Bhí an-bhleághanach fuisce ólta aige.
Bhí an-bhleaghanach bainne ag a' mbó trathnóna, go leige dia slán í!
TUILLEADH (12) ▼
Rinne sé bleághanach sa leaba.
Tháinic fonn múisc' orm a's chuir mé bleághanach diabhalta amach.
D'ól mé an-bhleághanach bláthaighe, mar bhí tart a' ghoirteamais orm = bhí tart orm de bharr éisc nó feola guirte, a's d'ól mé an-scallach bhláthaighe le na choisceadh.
Tá an-bhleághanach uisce caithte aige = báisteach mhór.
Dhoirt sé an buicéad uisce in aon-bhleághanach amháin anuas ar an urlár
Thug sé an-bhleághanach len' ól dom, ar an aonach indé.
Tabhair dhom bleághanach uisce go beo mar tá íota tairt orm.
Cá bhfuair sé an bhleághanach sin le n'ól?
Is beag a' dochar dhó 'bheith otraighthe fhéin mar ólann sé bleághanach mar sin go minic.
Rinneadh a' bualadh céadtach ann, a's a' bhleághanach fhola 'bhí ar a' mbóthar ar maidin, th'éis na h-oidhche
Bhí bleághanach ar fud a' tseomra, mar gheall ar a' mbáisteach anuas.
Is mór a chruthuigh sé a's a leithide sin de bhleághanach poitín a iomchur chor a' bith.