Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bleánach
 taoscán mór uisce, bainne, fuisce, leann, fual srl.
+
Bhí an-bhleánach fuisce ólta aige.
Bhí an-bhleánach bainne ag an mbó tráthnóna, go lige Dia slán í!
TUILLEADH (12) ▼
Rinne sé bleánach sa leaba.
Tháinig fonn múisce orm agus chuir mé bleánach diabhalta amach.
D'ól mé an-bhleánach bláthaí mar bhí tart an ghoirteamais orm — bhí tart orm de bharr éisc nó feola goirte, agus d'ól mé an-scalach bhláthaí lena choisceadh.
Tá an-bhleánach uisce caite aige — báisteach mhór
Dhoirt sé an buicéad uisce in aon bhleánach amháin anuas ar an urlár.
Thug sé an-bhleánach le n-ól dom ar an aonach inné.
Tabhair dhom bleánach uisce go beo mar tá íota tairt orm.
Cá bhfuair sé an bhleánach sin le n-ól?
Is beag an dochar dhó a bheith otraithe fhéin mar ólann sé bleánach mar sin go minic.
Rinneadh an bualadh céatach ann agus an bhleánach fhola a bhí ar an mbóthar ar maidin théis na hoíche
Bhí bleánach ar fud an tseomra mar gheall ar an mbáisteach anuas.
Is mór a chruthaigh sé agus a leithide sin de bhleánach poitín a iompar chor ar bith.

bleánach in iontrálacha eile (5)

 
Chuaigh sé siar go Doire Iorrais dhá shiúl ionsaí gur ól sé bleánach poitín ann
 
istigh
Tá bleánach (taoscán, foracún, gleorach, tomhas, srl.) istigh aige — cuid mhaith ólta; riar mór
 
fiata
Nach fiatúil é agus é ag cur suas don ól mar sin. Shíl mé go n-ólfadh sé siúd bleánach mhaith
 
Chonaic mise bó thiar anseo ag N. Mh. Bhí an úth calctha aici. Chinn orthu aon deoir bhainne a fháil uaithi théis a ndíchill. Bhí fear beag ag obair anseo thoir ag C. — níl a fhios agam beirthe ná beo cérbh as é. Tháinig sé ag breathnú ar an mbó agus í cinnte ar C. agus ar chuile dhuine. Fuair sé ruainnín den wire beag sin a d'fheicfeá ar scloig na mbuidéil lemonade. Dhírigh sé amach é nó go raibh sé chomh díreach le dorú. Sháigh sé suas i chaon dallán den úth é i ndiaidh a chéile. Dheamhan cor na car a rinne sé lena láimh ach é a shá leis suas. B'iontas an chaoi a raibh sé in ann é a dhéanamh ach níorbh é a chéad uair é. Bhuel tháinig an bainne, gan bleán ar bith. Tháinig sé mar a bheadh Dia dhá rá leis. Bhí bleánach dhó (dhe) ar an talamh shular féadadh soitheach a fháil. Is diabhaltaí stuama a bhíos daoine thar a chéile
 
diabhal 2
Go dtuga an diabhal thairis é, murab é a d'ól an bhleánach!