1.
duine bodhar; bodhrán; duine gan mórán guis, ná meabhrach; duine nach dtiocfadh isteach ar fhoghluim a thógáil go réidh; cluasánach, nó dallarán.
+–
Dheamhan ann ach bodhránach bradach. Bhí sé chomh maith dhuit go díreach glan a dhul a' cainnt leis a' gclaidhe, le dhul a' cainnt leis.
Ara dheamhan blas (foghluime) a thóigfeas an bodhránach sin go bráth. Is geall le duine é, nach mbeadh gus a' bith ann.
TUILLEADH (6) ▼
Cé'n ghar dhuit a bheith a' cur do chuid cainnte amudha le na bodhránaigh sin, a's gan aon-'scil' acu sa rud atá tú 'rádh, ach an oiread's dhá mbadh Laidin a bheadh ar siubhal aghad.
Dheamhan a dhath éirime istigh i gcloigeann an bhodhránaigh sin, a's mara bhfuil fhéin, ba dual dó 'bheith amhla.
Níl aon-duine ar a' bhfeadhain acu nach mar chéile atá — bodhránaigh bradacha gan meabhair, gan gus.
Chaith an maighistir dúthracht leis an mbodhránach is mac dhó, ach má chaith, b'fhearr dhó in a chomhnuidhe. Ní raibh sé indon faice a thógáil.
Ní casfaidhe a macsamhail de bhodhránach leat in do shiubhal lae. Is truagh di, má bhíonn sí amhla i gcomhnuidhe. Th'éis a bhfuil de spré aice, dheamhan fear a gheobhfas sí le na loiseag. Cá'il a' té a phósfadh bodhránach mar í siúd?
Má tá suim in do theachtaireacht aghad, cuir duine gusamhail léithe, a's ná bí i dtuilleamuidhe an bhodhránaigh sin, a thiocfadh ar ais aríst b'fhéidir a's a dhá láimh chomh fada le chéile.
2.
rud ar bith moirteamhail, marbhthánta, nó gan aon-sponnc, cuirim[ i ]gcás talamh, eanach, móin, nó a macsamhail.
+–
Níl innte ach bodhránach móin bhán = móin bhán í, gan aon-sponnc. Tá fuigheall uisce innte fós, a's tá sí an-do-dheargtha.
D'iagcóir dé dhaoib, nach in a ndiaidh ar a' bportach a d'fhága sib an bhodhránach de mhóin sin. Tá sí thíos ó mhaidin a's dheamhan deargadh a rinne sí fós, mar is ceart, ach a' cnádadh léithe mar 'fheicea(nn)s tú anois í.
TUILLEADH (11) ▼
Dheamhan fód móna a' gabhail linn anois ach bodhránach de spaidealach bhradach nach féidir ceart a' bith a bhaint di. Aon-fhód ar foghnamh bhí aghainn díoladh í idtús bliadhna.
Tá tú gan ughdar teine, má's taobh leis a' mbodhránach sin atá tú.
Is beag a' dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin, ag iarraidh a bheith a' bruitheachán leis a' mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í, ar eirighe dhuit ar maidin, dheamhan a' mó, ná lasta a bheadh sí trathnóna.
Móin lagphuill í, a's ní raibh an t-ionnlach go maith aice. Tháinic fúithe nuair a bhí sí 'na gróigíní, a's tá a shliocht uirre: dheamhan innte ach bodhránach gan sponnc a' bith.
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill, ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhla le na portaigh atá aghamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar foghnamh ar a bhfuaid, ach bodhránach a's spaidealach.
Ní bhfuair muid sásamh 'bith ar an aistear deireannach sin a thug tú de'n phortach. Bodhránach bradach í, gan chuma gan chaoi.
Dar liom fhéin nach bhféadfad sib a bheith taobhmhar leis a' mbodhránach de mhóin sin, a's ar bhain sib imbliadhna. Ní féidir nó tá fód rathamhail in áit eicínt agaibh!
Dheamhan fata a thiubharfadh na barra-garbha sin thuas agamsa gan ath-shaothrú a dhéanamh aríst orra(b). Bodhránach bradach talmhana iad.
Ó tháinic faoi'n bportach sin, tá sé in a bhodhránach cheart chríochnuighthe = ó d'árduigh an t-uisce faoi, tá sé moirteamhail marbhánta.
Maidir le na bhfuil de thalamh annsin suas aige, ní thiubhrainn deich triuf air. Tá sé 'na bhodhránach le uisce.
Má thriomuigheann tú go maith é (talamh garbh), b'fhéidir go bhféadfá é 'shaothrú, ach dheamhan fhios agam. Tá sé in a bhodhránach le uisce, mar tá sé.