Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bodhránach
ainmfhocal, firinscneach
iolra: bodhránaigh
1.
duine bodhar; bodhrán; duine gan mórán guis ná meabhrach; duine nach dtiocfadh isteach ar fhoghlaim a thógáil go réidh; cluasánach, nó dallarán.
+
Dheamhan ann ach bodhránach bradach. Bhí sé chomh maith dhuit go díreach glan a dhul ag caint leis an gclaí le dhul ag caint leis.
Ara dheamhan blas (foghlama) a thógfas an bodhránach sin go brách. Is geall le duine é nach mbeadh gus ar bith ann.
TUILLEADH (6) ▼
Cén ghar dhuit a bheith ag cur do chuid cainte amú le na bodhránaigh sin, agus gan aon scil acu sa rud atá tú a rá ach an oiread is dhá mba Laidin a bheadh ar siúl agat.
Dheamhan a dhath éirime istigh i gcloigeann an bhodhránaigh sin, agus mura bhfuil fhéin, ba dual dó a bheith amhlaidh.
Níl aon duine ar an bhfeadhain acu nach mar a chéile atá — bodhránaigh bradacha gan meabhair gan gus.
Chaith an máistir dúthracht leis an mbodhránach is mac dhó, ach má chaith, b'fhearr dhó ina chónaí. Ní raibh sé in ann faice a thógáil.
Ní casfaí a macasamhail de bhodhránach leat in do shiúl lae. Is trua di má bhíonn sí amhlaidh i gcónaí. Théis a bhfuil de spré aici, dheamhan fear a gheobhas sí lena luiseag. Cá'il an té a phósfadh bodhránach mar í siúd?
Má tá suim in do theachtaireacht agat, cuir duine gusúil léithe agus ná bí i dtuilleamaí an bhodhránaigh sin a thiocfadh ar ais aríst b'fhéidir agus a dhá láimh chomh fada le chéile.
2.
rud ar bith moirtiúil, marbhánta, nó gan aon sponc, cuirim i gcás talamh, eanach, móin, nó a macasamhail.
+
Níl inti ach bodhránach móin bhán — móin bhán í, gan aon sponc. Tá fuíoll uisce inti fós agus tá sí an-dodheargtha
D'éagóir Dé dhaoibh nach ina ndiaidh ar an bportach a d'fhága sibh an bhodhránach de mhóin sin. Tá sí thíos ó mhaidin agus dheamhan deargadh a rinne sí fós mar is ceart, ach ag cnádadh léithe mar a fheiceanns tú anois í.
TUILLEADH (11) ▼
Dheamhan fód móna ag gabháil linn anois ach bodhránach de spadalach bhradach nach féidir ceart ar bith a bhaint di. Aon fhód ar fónamh a bhí againn, díoladh í i dtús bliana.
Tá tú gan údar tine más taobh leis an mbodhránach sin atá tú.
Is beag an dochar dhom a bheith thíos sa talamh fhéin ag iarraidh a bheith ag bruitheachán leis an mbodhránach móna sin. Dhá gcuirtheá síos í ar éirí dhuit ar maidin, dheamhan an mó ná lasta a bheadh sí tráthnóna.
Móin lagphoill í agus ní raibh an t-ionlach go maith aici. Tháinig fúithi nuair a bhí sí ina gróigíní agus tá a shliocht uirthi: dheamhan inti ach bodhránach gan sponc ar bith.
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
Ní bhfuair muid sásamh ar bith ar an aistear deireanach sin a thug tú den phortach. Bodhránach bradach í, gan chuma gan chaoi.
Dar liom fhéin nach bhféadfadh sibh a bheith taobhmhar leis an mbodhránach de mhóin sin, agus ar bhain sibh i mbliana. Ní féidir nó tá fód rathúil in áit eicínt agaibh!
Dheamhan fata a thabharfadh na barra garbha sin thuas agamsa gan athshaothrú a dhéanamh aríst orthub. Bodhránach bradach talúna iad.
Ó tháinig faoin bportach sin, tá sé ina bhodhránach cheart chríochnaithe — ó d'ardaigh an t-uisce faoi, tá sé moirtiúil marbhánta.
Maidir lena bhfuil de thalamh ansin suas aige, ní thabharfainn deich triuf air. Tá sé ina bhodhránach le uisce.
Má thriomaíonn tú go maith é (talamh garbh), b'fhéidir go bhféadfá é a shaothrú, ach dheamhan a fhios agam. Tá sé ina bhodhránach le uisce mar atá sé.