Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bogán
1.
ubh a bhéarfaidhe gan aon-bhlaosc, ach scamall uirre.
+
Tá an chearc sin a' breith bhogáin ó tháinic an bhliadhain.
Níl dá barr ach bogáin.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir síos an bogán sin sa luaith a's ith é.
+
Ní thiubharfainn bogán spideoige ort adéarfá le duine nach mbeadh aon-mheas agad air.
Ní thiubharfainn bogán spideoige ar a bhfuil istigh sa teach aca(b) má tá sé 'cínnt orra(b), fear amháin a cheannsú.
TUILLEADH (2) ▼
Ní thiubharfainn bogán spideoige air, ma chinn air, an scurach sin a leagan = ní thiubharfainn deich triuf air, mara raibh sé indon an scurach sin a leagan.
Ní fiú bogán spideoige a bhfuil de thalamh a' gabhail leis = ní fiú do sheacht mhallacht é.
2.
a.
duine beag éidtreorach; duine bog, iadhta; duine nach mbeadh gnaoi ná guth air igcomhluadar áithrid. (Tugtar de leas-ainm ar dhaoine beaga, éidtreoracha é).
+
Níl ann ach bogán beag, bídeach = duinín beag, éidtreorach.
Céard atá bogán a rádh? = céard atá an frighdeoirin beag dona a rádh.
TUILLEADH (8) ▼
Ar ndú (ndóigh), ní indon achrainn, atá an bogán siúd.
Is bainte amach atá an bogáinín sin muis, ná fear urradhanta.
Dar príosta muis, d'iarr an bogán sin mná ar foghnamh.
Ní chreidfeá ach an gníomh atá annsin muis — má's bogán do scéal-sa.
Má's bogáinín fhéin é, is feairín cruadh miotalach é.
Cá'il a' bogán seo a' teacht? = duine nach mbeadh aon-iarracht air i gcomhluadar.
Níorbh fhearr linn againn an bogán, ach go raibh leisce orainn, aon-cheist a chuir air.
Shiubhail a' bogán de phóilidhe, atá thíos annsin Tigh an Ch. anall chugainn, a's 'sé dubhairt go beo, droch-mhúinte, nach raibh aon-chead againn a bheith ag imirt ar a' mbóthar.
b.
·
Bogán otruighthe de bhean í = bean bhog iadhta (uair sa gcéad a mbíonn an chiall seo leis)
3.
bogán — bogach is cosamhail.
·
Rinne sé cruadhán de'n bhogán a's bogán de'n chruadhán (i sean-scéalta amháin).
·
'Scraiste i lár leapthan a's bogán le balla' (leath-fhocal a chloisfeá — leagan eile air — "scraiste i lár leapthan a's cúl carrach le frogh". B'fhéidir gurab é an chiall atá leis — scraiste > cnaiste na leapthan i lár báire a's an áit bhog le balla).

Bogán in iontrálacha eile (3)

 
beart
'Ceadh nach bhfuil tú indon beart a choinneál ar asal fós? Ní thiubhrainn bogán spideoige ort mara bhfuil!
 
fraigh
"Scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le frogh"; "scraiste i lár leabthan agus bogán le balla"
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in iochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na carruidheacht. Rinneadar árdán de'n isleán agus bogán de'n chruadhán, gur thugadar toibreachaí fíor-uisce thrídh lár na leacrachaí glasa, le neart a gcuid carruidheachta. Nuair a bhí an ghrian a' dul faoi trathnóna tháinic an spideoigín ar an gcraoibh; 'A mhic na scolóige' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fághail.' Annsin thug mac na scolóige, cor do'n fhathach, agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor chuir sé go comhngar (cúmhngar) an uicht a's a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscidhigh' adeir an fathach. 'Leig m'anam liom, agus tiubharfa mé mo chlaidheamh soluis, agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar a 'ngaoith Mhárta a bheadh roímpe, agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh in a diaidh uirre (cuid de chulaith gaisce na sean-scéal)