Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bogán
1.
ubh a bhéarfaí gan aon bhlaosc ach scamall uirthi.
+
Tá an chearc sin ag breith bhogáin ó tháinig an bhliain.
Níl dá barr ach bogáin.
TUILLEADH (1) ▼
Cuir síos an bogán sin sa luaith agus ith é.
+
Ní thabharfainn bogán spideoige ort — adéarfá le duine nach mbeadh aon mheas agat air.
Ní thabharfainn bogán spideoige ar a bhfuil istigh sa teach acub má tá sé ag cinnt orthub fear amháin a cheansú.
TUILLEADH (2) ▼
Ní thabharfainn bogán spideoige air má chinn air an scorach sin a leagan — ní thabharfainn deich triuf air mura raibh sé in ann an scorach sin a leagan.
Ní fiú bogán spideoige a bhfuil de thalamh ag gabháil leis — ní fiú do sheacht mhallacht é.
2.
a.
duine beag éidreorach; duine bog iata; duine nach mbeadh gnaoi ná guth air i gcomhluadar áirid. Tugtar de leasainm ar dhaoine beaga, éidreoracha é.
+
Níl ann ach bogán beag bídeach — duinín beag, éidreorach.
Céard atá bogán a rá? — céard atá an frídeoirin beag dona a rá.
TUILLEADH (8) ▼
Ar ndóigh, ní in ann achrainn atá an bogán siúd.
Is bainte amach atá an bogáinín sin muis, ná fear urrúnta.
Dar príosta muis, d'iarr an bogán sin mná ar fónamh.
Ní chreidfeá ach an gníomh atá ansin muis — más bogán do scéalsa.
Más bogáinín fhéin é, is feairín crua miotalach é.
Cá'il an bogán seo ag teacht? — duine nach mbeadh aon iarracht air i gcomhluadar.
Níorbh fhearr linn againn an bogán ach go raibh leisce orainn aon cheist a chur air.
Shiúil an bogán de phóilí, atá thíos ansin tigh an Ch., anall chugainn agus 'sé dúirt go beo drochmhúinte nach raibh aon chead againn a bheith ag imirt ar an mbóthar.
b.
·
Bogán otraithe de bhean í — bean bhog iata (uair sa gcéad a mbíonn an chiall seo leis)
3.
bogán — bogach is cosúil.
·
Rinne sé cruán den bhogán agus bogán den chruán (i seanscéalta amháin)
·
'Scraiste i lár leabthan agus bogán le balla' (leathfhocal a chloisfeá — leagan eile air — "scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le fraigh". B'fhéidir gurb é an chiall atá leis — scraiste > cnaiste na leabthan i lár báire agus an áit bhog le balla).

bogán in iontrálacha eile (3)

 
beart
Cé nach bhfuil tú in ann beart a choinneáil ar asal fós? Ní thabharfainn bogán spideoige ort mura bhfuil!
 
fraigh
"Scraiste i lár leabthan agus cúl carrach le fraigh"; "scraiste i lár leabthan agus bogán le balla"
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)