Boideoide
—
+–
Ta sé ag imteacht in a bhoideoide = duine nach mbeadh a' deanamh aon-bhuille maitheasa, ach a' faire ort, a's ag imtheacht go fánach; duine nach lonnuigheann in éadan a cheann-oibre, ach a bhíos a' guairdeall thart gan tada ar aire, i gcosamhlacht.
Nach hé an bhoideoide ag imtheacht é.
TUILLEADH (14) ▼
Is minic leis a' gceann céadna a bheith ag fánádóireacht leis in a bhoideoide.
'Sé 'shaoghal atá ann, ag imtheacht mar sin in a bhoideoide.
Dheamhan punt oibre a rinne sé ó tháinic a' bhliadhain, ach a' fálróid leis, in a bhoideoide mar 'fheicea(nn)s tú fhéin é.
Is aoibhinn dó é, go bhféadann sé a' bheith ag imtheacht in a bhoideoide mar tá sé. Corr-dhuine 'fhagha(nn)s a bheatha ó Neamh mar sin.
A' cluanaidheacht leis in a bhoideoide mar sin, atá sé 'chuile lá 'eirighea(nn)s air = ag imtheacht in a chluanaidhe, gan buille maitheasa 'bith.
Céard tá tú a dhéanamh imbéal a' tseoil annseo, in do bhoideoide aghainn?
Sin í a cheird 'chuile lá sa mbliadhain — ag imtheacht in a bhoideoide ar bhóithrí, a's bleid buailte aige ar a' bhfear soir, a's ar a' bhfear siar.
Is mairg dhuit, nach ndéanann buille eicínt maitheasa, fharras a bheith in do bhoideoide mar tá tú.
Tá boideoide eile annseo, atá ionchurtha síos leis muis. Ach céard sin orm! Nach 'dearbhráthair do Thadhg Domhnall'.
Tá sé i gcomhnuidhe ag imtheacht in a bhoideoide a's a' smóracht (smúracht) a's 'chuile áit, faitchíos a n-imtheochadh rud a' bith ingan-fhios dhó.
Ní fhéadfadh a' ceann céadna a leas a dhéanamh — imthighthe mar tá sé in a bhoideoide. 'Is mór a feicthears (feicthear) do'n díomhaointeas' adeir siad.
Fan istigh annseo anois, ar chraiceann do chluas. Níl gna(ithe) a' bith agad ag imtheacht síos in do bhoideoide ar bhóithrí.
Is maith an faisean atá tú a thabhairt faoi deara dhuit fhéin, ag imtheacht in do bhoideoide soir faoi'n mbaile sin thoir. Ní hé baramhail a leasa atá faoi dhuine 'bith atá ar do cheird.
Ní fhéadfá corruighe amach thar bhéal a' doruis, nach mbeidh sé in a bhoideoide romhat.