Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
boideoide
+
Ta sé ag imeacht ina bhoideoide — duine nach mbeadh ag déanamh aon bhuille maitheasa ach ag faire ort agus ag imeacht go fánach; duine nach lonnaíonn in éadan a cheann oibre ach a bhíos ag guairdeall thart gan tada ar a aire i gcosúlacht
Nach é an bhoideoide ag imeacht é.
TUILLEADH (14) ▼
Is minic leis an gceann céanna a bheith ag fánádóireacht leis ina bhoideoide.
'Sé a shaol atá ann ag imeacht mar sin ina bhoideoide.
Dheamhan punt oibre a rinne sé ó tháinig an bhliain ach ag fálróid leis ina bhoideoide mar a fheiceanns tú fhéin é.
Is aoibhinn dó é go bhféadann sé a bheith ag imeacht ina bhoideoide mar atá sé. Corrdhuine a fhaigheanns a bheatha ó neamh mar sin.
Ag cluanaíocht leis ina bhoideoide mar sin atá sé chuile lá a éiríonns air — ag imeacht ina chluanaí gan buille maitheasa ar bith.
Céard atá tú a dhéanamh i mbéal an tseoil anseo in do bhoideoide againn?
Sin í a cheird chuile lá sa mbliain — ag imeacht ina bhoideoide ar bhóithrí agus bleid buailte aige ar an bhfear soir agus ar an bhfear siar.
Is mairg dhuit nach ndéanann buille eicínt maitheasa tharas a bheith in do bhoideoide mar atá tú.
Tá boideoide eile anseo atá inchurtha síos leis muis. Ach céard sin orm! Nach deartháir do Thadhg Dónall.
Tá sé i gcónaí ag imeacht ina bhoideoide agus ag smóracht (smúrthacht) i chuile áit, faitíos a n-imeodh rud ar bith i ngan fhios dhó.
Ní fhéadfadh an ceann céanna a leas a dhéanamh — imithe mar atá sé ina bhoideoide. Is mór a feicthears (feictear) don díomhaointeas, adeir siad.
Fan istigh anseo anois ar chraiceann do chluas. Níl gnaithe ar bith agat ag imeacht síos in do bhoideoide ar bhóithrí.
Is maith an faisean atá tú a thabhairt faoi deara dhuit fhéin ag imeacht in do bhoideoide soir faoin mbaile sin thoir. Ní hé barúil a leasa atá faoi dhuine ar bith atá ar do cheird.
Ní fhéadfá corraí amach thar bhéal an dorais nach mbeidh sé ina bhoideoide romhat.