Boigréis
—baininscneach
—Cois-Fhairrge
—
a.
buig-shíne; flaitheamhlacht; gnaoidheamhlacht; córtas.
+–
Níl mórán boigréise annsiúd = níl sé flaitheamhail, cóir, gnaoidheamhail ná so-mheallta.
Ní hí 'gcuid boigréise fhéin atá innte siúd chor a' bith.
TUILLEADH (11) ▼
Cá'ideo tháinic an bhoigréis ann, le go bhfuil sé 'tabhairt rudaí isteach do dhaoine? = siopadóir a thiubharfadh riar earradh dhuit in aisce.
Níl blas de'n bhoigréis a' siubhal léithe, ní hé sin dá máthair é.
Ní mórán brabaighe ná boigréise atá le faghail air siúd.
'Sí'n bhoigréis sin a fhágfas ar deire sib fhéin. Níl plannda agaibh anois, le cuir imbord, ach iad tugtha uaib agaibh do'n tír.
Is deas a' bhail atá fágtha ag 'ur gcuid boigréise orraibh. Cé'n mhaith muc a mharbhú le na bronnadh ar a' tír!
Má chaitheann sé siúd airgead, indomhnach ní le boigréis a' bith é. Is cruaidhchte é ná na clocha glasa.
Ní cás a' bith é. Is beag a' bhoigréis atá ann fhéin le duine = ní truaighe 'bith é, gan rud a thabhairt dó. Is beag de bhrabach a gheobhfas aon-duine ar fhéin.
Má bhíonn tú i gcomhnuidhe ar a' mboigréis sin, ní mórán gna(ithe) a dhéanfas tú.
Ní fhaca diashúlach tada in a dhiaidh siúd ariamh le boigréis = níor scar sé le aon-rud ariamh as flaitheamhlacht nó gnaoidheamhlacht.
Marach a' t-ól, is beag de'n bhoigréis, a bheadh a' siubhal leis sin.
Nuair a theann a' braon leis, bhain sé amach 'un boigréise, a's ghlu (ghlaoidh) sé ól dhá raibh sa teach.
b.
so-mhealltacht; buille bog.
·
Pléidhfe sé siúd lib é, má airigheann sé aon-bhoigréis ionnaibh.
Ba chóra dhuit a dhul go bun an angair (amhgair?) leis, a's gan é thabhairt dó faoi na luach. Ach cá'r fhága tú an bhoigréis? = dhíol sé an rud a bhí aige saor, dar leis a' té 'bhí 'cainnt, mar gheall gur airigh an ceannachthóir an buille bog ann. Bhí aige leagan ar a' gceannochthóir chomh maith in Éirinn a's d'fhéad sé, a's gan an rud a bhí aige a leigean uaidh ar shlat-mhargadh.