Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
boigréis
baininscneach
Cois Fharraige
a.
boige shíne; flaithiúlacht; gnaíúlacht; córtas.
+
Níl mórán boigréise ansiúd — níl sé flaithiúil, cóir, gnaíúil ná somheallta.
Ní hí a gcuid boigréise fhéin atá inti siúd chor ar bith.
TUILLEADH (11) ▼
Cáid ó tháinig an bhoigréis ann le go bhfuil sé ag tabhairt rudaí isteach do dhaoine? — siopadóir a thabharfadh riar earra dhuit in aisce.
Níl blas den bhoigréis ag siúl léithe, ní hé sin dá máthair é.
Ní mórán brabaigh ná boigréise atá le fáil air siúd.
'Sí an bhoigréis sin a fhágfas ar deireadh sibh fhéin. Níl planda agaibh anois le cur i mbord ach iad tugtha uaibh agaibh don tír.
Is deas an bhail atá fágtha ag bhur gcuid boigréise oraibh. Cén mhaith muc a mharú lena bronnadh ar an tír!
Má chaitheann sé siúd airgead, i nDomhnach, ní le boigréis ar bith é. Is cruaichte é ná na clocha glasa.
Ní cás ar bith é. Is beag an bhoigréis atá ann fhéin le duine — ní trua ar bith é gan rud a thabhairt dó. Is beag de bhrabach a gheobhas aon duine air fhéin.
Má bhíonn tú i gcónaí ar an mboigréis sin, ní mórán gnaithe a dhéanfas tú.
Ní fhaca Dia shúlach tada ina dhiaidh siúd ariamh le boigréis — níor scar sé le aon rud ariamh as flaithiúlacht nó gnaíúlacht.
Murach an t-ól, is beag den bhoigréis a bheadh ag siúl leis sin.
Nuair a theann an braon leis, bhain sé amach chun boigréise agus ghluigh (ghlaoigh) sé ól dhá raibh sa teach.
b.
somhealltacht; buille bog.
·
Pléifidh sé siúd libh é má airíonn sé aon bhoigréis ionaibh.
Ba chóra dhuit a dhul go bun an angair leis agus gan é a thabhairt dó faoina luach. Ach cár fhága tú an bhoigréis? — dhíol sé an rud a bhí aige saor, dar leis an té a bhí ag caint, mar gheall gur airigh an ceannaitheoir an buille bog ann. Bhí aige leagan ar an gceannaitheoir chomh maith in Éirinn agus a d'fhéad sé agus gan an rud a bhí aige a ligean uaidh ar shladmhargadh.

Féach freisin

boigréis in iontrálacha eile (2)

 
bocht 1
Má tá sé bocht — an cráiteachán — ní boigréis ná rabairne atá dhá dhéanamh dhó.
 
fuar 2
Fuair tú amach an té a mbeadh boigréis ann. Diabhal deoch den uisce fuar a thabharfadh sé do dhuine ná cuid de thabhairt