Bollaire
—
glaodhmaire; glagaire olc; duine mbeadh gleo mór aige, a's é ag ullmhuchan scléipe; duine mbeadh thar a dhíol le rádh aige i gcomhluadar.
+–
'Sé Seáinín an bollaire.
Sin é an bollaire bradach.
TUILLEADH (24) ▼
Bollaire maith é sin, ach tá beagán cuir leis ann nuair a cuirtear 'un caitheachtála dhó é = bíonn gleo mór aige, ach nuair a cuirtear troid air, stánann sé, a's ní mian leis a dhul a' troid.
Bollaire maith é, go gcuirtear troid air, ach dheamhan maith ná maoin annsin leis.
Ní chloisfeá méir i gcluais ag a' mbollaire sin thoir sa bP. a' cur dhó, a's ag iarraidh achrainn i gcaith(eamh) na h-oidhche.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis a' sean-bhollaire sin thíos a' gleo a's a' glaodhmaireacht thiar sa seomra. 'Séard a bhí le déanamh leis, a' tsráid amach a thabhairt dó, a's a smut a bhriseadh, dhá mbeadh rún aige fanacht de'n bhuidheachas.
Ní bhíonn sult na subháilce in aice an bhollaire mhóir. Is mór a' t-iongnadh nach dtiocfadh iabh ar a bhéal uair eicínt, a's gan a bheith ar a' nglagaireacht chéadna, go h-acht a's go h-áithrid.
Bollaire críochnuighthe é, ar a chuid óil, ach dheamhan smid ná smeaid, a gheobhfá uaidh ar a chéill.
Cuirfe mise faoi ndeara de'n bhollaire sin, go ndúinfe sé a bhéal, nó rud a bheith ar a shon aige = mara bhfuil indán's go n-eirighe sé as a' nglagaireacht a's as a' nglaodhmaireacht beidh scéal aige air.
Duine breagh sásta é an mac, ach chuirfeadh an bollaire is athair dó, uais ar mhada, le na chuid gleo a's glamhóide.
Ní buil liom an bollaire sin, chor a' bith, a's sé mo mheas nach buil leis mé!
Níl neart ag a' mbollaire blaiseadh de dheoir a' bith, nach bhfuil a sheacht ndíol le rádh aige.
Ní thagann táirm a' bith gleo ar a' mbollaire, go mbí lán tighe ann. A's dá mbadh é an fear badh measa leat sa tír a bheadh istigh, bhuailfeadh sé coc achrainn air.
Tá an iomarca sclaibéaracht' chainnte ar fad ag a' mbollaire tútach sin.
D'áitigh air, agus sé'n bollaire é a mhic ó mo chroidhe! = thosuigh air a' cainnt nó a' sciolladóireacht, a's tabhair, glaodhmaire air!
Faghann a' bollaire sin an iomarca dhá chomhairle fhéin ar fad, a's tá 'shliocht air: is féidir leis a rogha rud a rádh nuair nach mbacann aon-duine leis.
Deirimse leat, dhá bhfaghadh an bollaire sin, cupla criogaide maith isteach ar a' mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainnte a thabhairt dó.
Bhí an díle cainnte ar a' mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil a's freastal chor a' bith, dhá mbíonn le rádh aige.
Bollaire maith é sin, 'san áit a n-airigheann sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine, mar bheadh fhios aige nach n-éistfí leis.
Ná tabhair éisteacht a' bith do'n bhollaire sin. Sin í a cheird is 'chuile áit.
Ní thabharfainn lá áird' ar a' mbollaire sin' pé('r) bith, céard déarfad sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfe sé a bheith in éadan duine eicínt.
Is mór a' t-iongnadh, nach dtiocfadh tuirse ar a' mbollaire uair eicínt.
Chaith muid an oidhche, ag iarraidh foighid a chuir sa mbollaire mór sin thiar ag S. Sh. Ba mhór a' t-ár é, a' blaodhach a's a' blaidhreamhach. Ag iarraidh T. Ph. a bhualadh bog te a bhí sé, a's nuair nach leig(f)í chuige é, bhí gearradh fiacal air.
Chuir a' bollaire allagar as, a chloisfeá thiar-dtuaidh!
Fhobair go mb'éigin an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur h-annamh a eirighea(nn)s aon-deoir leo(b). Marach gur h-annamh, níor mhór fairsinge a leigean ar Bhéal Átha na Sluaighe (na Sluaigheadh) (Béal Átha na Sluaigheadha — is ann atá árus na nGealt. Duine a mbíonn saobhchan air, a's a chuirtear go dtí an Gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeacha sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-innsighthear é, a's gach duine, dhá gcloisfe é!")
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith, nach gcaithfe éisteacht leis a' mbollaire siúd go minic. Go bhféacha Dia ar a' dream, atá in 'aice igcomhnuidhe!
Bollaire in iontrálacha eile (1)
Sí'n bhollaireacht a' chéad bhiadh sa sliogán dó. Ba mhaith an bollaire é 'athair fhéin roimhe.