Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bollaire
glaomaire; glagaire olc; duine a mbeadh gleo mór aige agus é ag ullmhúchán scléipe; duine a mbeadh thar a dhíol le rá aige i gcomhluadar.
+
'Sé Seáinín an bollaire.
Sin é an bollaire bradach.
TUILLEADH (24) ▼
Bollaire maith é sin ach tá beagán cuir leis ann nuair a cuirtear chun cathachtála dhó é — bíonn gleo mór aige ach nuair a cuirtear troid air, stánann sé agus ní mian leis a dhul ag troid.
Bollaire maith é, go gcuirtear troid air, ach dheamhan maith ná maoin ansin leis.
Ní chloisfeá méir i gcluais ag an mbollaire sin thoir sa bP. ag cur dhó agus ag iarraidh achrainn i gcaitheamh na hoíche.
Mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis an seanbhollaire sin thíos ag gleo agus ag glaomaireacht thiar sa seomra. Séard a bhí le déanamh leis, an tsráid amach a thabhairt dó agus a smut a bhriseadh, dhá mbeadh rún aige fanacht den bhuíochas.
Ní bhíonn sult ná suáilce in aice an bhollaire mhóir. Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh iamh ar a bhéal uair eicínt agus gan a bheith ar an nglagaireacht chéanna go hacht is go háirid.
Bollaire críochnaithe é ar a chuid óil, ach dheamhan smid ná smeaid a gheofá uaidh ar a chéill.
Cuirfidh mise faoi ndeara don bhollaire sin, go ndúnfaidh sé a bhéal nó rud a bheith ar a shon aige — mura bhfuil i ndán is go n-éirí sé as an nglagaireacht agus as an nglaomaireacht beidh scéal aige air.
Duine breá sásta é an mac, ach chuirfeadh an bollaire is athair dó úis ar mhada lena chuid gleo agus glámhóide.
Ní buil liom an bollaire sin chor ar bith, agus 'sé mo mheas nach buil leis mé!
Níl neart ag an mbollaire blaiseadh de dheoir ar bith nach bhfuil a sheacht ndíol le rá aige.
Ní thagann táirm ar bith gleo ar an mbollaire go mbí lán tí ann. Agus dá mba é an fear ba measa leat sa tír a bheadh istigh bhuailfeadh sé coc achrainn air.
Tá an iomarca sclaibéireachta chainte ar fad ag an mbollaire tútach sin.
D'áitigh air agus 'sé an bollaire é a mhic ó mo chroí! — thosaigh air ag caint nó ag sciolladóireacht, agus tabhair glaomaire air!
Faigheann an bollaire sin an iomarca dhá chomhairle fhéin ar fad agus tá a shliocht air: is féidir leis a rogha rud a rá nuair nach mbacann aon duine leis.
Deirimse leat, dhá bhfaigheadh an bollaire sin, cupla cniogaide maith isteach ar an mbéal, go mb'fhurasta a dhóthain cainte a thabhairt dó.
Bhí an díle cainte ar an mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil agus freastal chor ar bith, dhá mbíonn le rá aige.
Bollaire maith é sin san áit a n-airíonn sé na daoine go dona, ach a mhaiste, bheadh smideannaí beaga aige in aice chuid de na daoine mar bheadh a fhios aige nach n-éistfí leis.
Ná tabhair éisteacht ar bith don bhollaire sin. Sin í a cheird i chuile áit.
Ní thabharfainn lá airde ar an mbollaire sin pé ar bith céard adéarfadh sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfidh sé a bheith in éadan duine eicínt.
Is mór an t-ionadh nach dtiocfadh tuirse ar an mbollaire uair eicínt.
Chaith muid an oíche ag iarraidh foighid a chur sa mbollaire mór sin thiar ag S. Sh. Ba mhór an t-ár é, ag blaoch agus ag blaidhriúch. Ag iarraidh T. Ph. a bhualadh bog te a bhí sé, agus nuair nach ligfí chuige é, bhí gearradh fiacal air.
Chuir an bollaire allagar as, a chloisfeá thiar aduaidh!
Fhóbair go mb'éigean an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur hannamh a éiríonns aon deoir leob. Murach gur hannamh, níor mhór fairsinge a ligean ar Bhéal Átha na Sluaighe (Béal Átha na Sluaighe — is ann atá áras na ngealt. Duine a mbíonn saochan air, agus a chuirtear go dtí an gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeachaigh sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-insítear é, agus gach duine dhá gcloisfidh é!")
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith nach gcaithfidh éisteacht leis an mbollaire siúd go minic. Go bhféacha Dia ar an dream atá ina aice i gcónaí!

bollaire in iontrálacha eile (1)

 
'Sí an bhollaireacht an chéad bhia sa sliogán dó. Ba mhaith an bollaire é a athair fhéin roimhe.