Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bollaireacht
glaodhmaireacht; glagaireacht; glas-chainnt; gleo, a's cainnt dhoirg, ghargach; cainnt bhastallach, ghaisceamhail.
+
Nach air atá an bhollaireacht i gcomhnuidhe!
Ní beo é, gan a bheith a' bollaireacht!
TUILLEADH (14) ▼
Dhá bhfaghadh sé cead bollaireachta leis, mar sin, sé a bhuac é, ach gan aon-araoid thairis sin a chuir air!
Sí'n bhollaireacht a bhuac; Sí'n bhollaireacht an chloch is mó ar a pháidrín.
Mara n-eirighe tú as do chuid bollaireachta anois, eireocha tú aisti a's aithmhéala ort!
Eirigh as anois, ar mhaith(e) leat fhéin. Níl iarracht a' bith ag aon-duine annseo ar do chuid bollaireachta = ní thaithnigheann do chuid bollaireachta le aonduine dhá bhfuil annseo.
Má bhí sé 'bollaireacht fhéin, is minic leis.
Sí'n bhollaireacht a' chéad bhiadh sa sliogán dó. Ba mhaith an bollaire é 'athair fhéin roimhe.
Má bhíonn sé ibhfad eile ar a' mbollaireacht sin, sí'n tsráid amach a thiubharfas mise dhó!
Shílfeá gur a' brath ar tosuighe 'bollaireacht aríst atá tú, a's dheamhan mise, má thosuigheann, go bhfaighe tú luach do chuid bollaireacht' anois fharra's ariamh.
Ní féidir ceart a' bith a bhaint dhe, nuair a thosuighea(nn)s sé ar bhollaireacht de'n tsórt sin.
Dhá mbeitheá ar a' mbollaireacht sin anois, go dtuitfeadh a' teanga asad, 'sé'n mhaith amháin duit é. Dheamhan a dhath tortha a gheobhfas tú!
Nach ag a' mbean atá an t-acmhúinn, má bhíonn sé ar a' mbollaireacht siúd go minic!
Diabhal a leithide de ghlaodhmaireacht ná de bhollaireacht a chuala mé ar dhuine igcaith(eamh) mo shaoghail ariamh a's bhí air; agus cé'n bhrigh dhá mbeadh 'ughdar aige, ach ní raibh.
Ba cheart dó slócht a bheith air i mbáireach, a's a ndearna sé de bhlaidhreamhach a's de bhollaireacht indiu.
Níl suím a' bith ag muinntir a' bhaile ann. 'Séard a bhío(nn)s siad a' gáiridhe faoi na chuid bollaireacht'.

Bollaireacht in iontrálacha eile (7)

 
coiric
Ní túisce deoir a' bith sa gcoirric aige, ná seo a' bollaireacht a's a' glaodhmaireacht a's a' cothú achrainn é.
 
Chaith sé an oidhche a' bollaireacht a's a' bollamántacht dhá bhfaghadh sé an té 'thiubhradh áird' air = bhí sé glagaireacht a's a' déanamh gaisce, a's cothú achrainn ar feadh na h-oidhche, ach níor thóig aonduine suas air é, ná ní dheacha aon-duine inglacamus lámh leis faoi.
 
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir annseo, agus ag cur amach an droch-fháisc: rud atá ann go fairsing
 
feadh
Ní bhíonn aon-tsásamh aige, ar feadh cupla pionnta pórtair a bheith ólta aige, gan tosaí ag bollaireacht agus ag tarraint achrainn = nuair a bhíos cupla pionnta agus rl.; ar an dá luath agus a mbíonn
 
Thosuigh sé ag bollaireacht luath go maith, agus ní dhearna sé aon-fhoighid aríst ar feadh na hoíche. Bhí a raibh san teach leis ag cur foighid ann, ach ní raibh aon-mhaith ann nó go ndéanadh sé an bualadh agus an briseadh
 
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
 
deasú
Sin é an deasú ar na h-amhuis sin! Míle buidheachas le Dia go dtáinic sé ins an saoghal go raibh duine eicínt indon ceart a bhaint díob. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireacht' aca feasta agus a bhíodh