bollaireacht
—
glaomaireacht; glagaireacht; glaschaint; gleo agus chaint dhoirg ghargach; caint bhastallach ghaisciúil.
+–
Nach air atá an bhollaireacht i gcónaí!
Ní beo é gan a bheith ag bollaireacht!
TUILLEADH (14) ▼
Dhá bhfaigheadh sé cead bollaireachta leis mar sin, 'sé a bhuac é, ach gan aon araoid thairis sin a chur air!
'Sí an bhollaireacht a bhuac; 'Sí an bhollaireacht an chloch is mó ar a phaidrín.
Mura n-éirí tú as do chuid bollaireachta anois, éireoidh tú aisti agus aiféala ort!
Éirigh as anois ar mhaithe leat fhéin. Níl iarracht ar bith ag aon duine anseo ar do chuid bollaireachta — ní thaitníonn do chuid bollaireachta le aon duine dhá bhfuil anseo.
Má bhí sé ag bollaireacht fhéin, is minic leis.
'Sí an bhollaireacht an chéad bhia sa sliogán dó. Ba mhaith an bollaire é a athair fhéin roimhe.
Má bhíonn sé i bhfad eile ar an mbollaireacht sin, 'sí an tsráid amach a thabharfas mise dhó!
Shílfeá gur ag brath ar tosaí ag bollaireacht aríst atá tú, agus dheamhan mise má thosaíonn, go bhfaighe tú luach do chuid bollaireachta anois tharas ariamh.
Ní féidir ceart ar bith a bhaint dhe nuair a thosaíonns sé ar bhollaireacht den tsórt sin.
Dhá mbeifeá ar an mbollaireacht sin anois go dtitfeadh an teanga asat, is aon mhaith amháin duit é. Dheamhan a dhath tortha a gheobhas tú!
Nach ag an mbean atá an t-acmhainn má bhíonn sé ar an mbollaireacht siúd go minic!
Diabhal a leithide de ghlaomaireacht ná de bhollaireacht a chuala mé ar dhuine i gcaitheamh mo shaoil ariamh agus a bhí air; agus cén bhrí dhá mbeadh a údar aige, ach ní raibh.
Ba cheart dó slócht a bheith air amárach agus a ndearna sé de bhlaidhriúch agus de bhollaireacht inniu.
Níl suim ar bith ag muintir an bhaile ann. Séard a bhíonns siad ag gáirí faoina chuid bollaireachta.
bollaireacht in iontrálacha eile (7)
→
coiric
Ní túisce deoir ar bith sa gcoiric aige, ná seo ag bollaireacht agus ag glaomaireacht agus ag cothú achrainn é.
Chaith sé an oíche ag bollaireacht agus ag bolmántacht dhá bhfaigheadh sé an té a thabharfadh aird' air — bhí sé ag glagaireacht agus ag déanamh gaisce, agus ag cothú achrainn ar feadh na hoíche, ach níor thóg aon duine suas air é ná ní dheachaigh aon duine i nglacamas lámh leis faoi.
Chaith sé an lá ag bollaireacht agus ag broimseálacht soir anseo agus ag cur amach an drocháisc: rud atá ann go fairsing
→
feadh
Ní bhíonn aon tsásamh aige, ar feadh cupla pionta pórtair a bheith ólta aige, gan tosaí ag bollaireacht agus ag tarraingt achrainn — nuair a bhíos cupla pionta srl.; ar an dá luath is a mbíonn
→
foighid
Thosaigh sé ag bollaireacht luath go maith agus ní dhearna sé aon fhoighid aríst ar feadh na hoíche. Bhí a raibh sa teach leis ag cur foighid ann ach ní raibh aon mhaith ann nó go ndéanadh sé an bualadh agus an briseadh
→
fiacail
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
→
deasú
Sin é an deasú ar na hamhais sin! Míle buíochas le Dia go dtáinig sé sa saol go raibh duine eicínt in ann ceart a bhaint díobh. B'fhéidir nach mbeadh an oiread bollaireachta acu feasta agus a bhíodh