Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bollamán
uimhir iolraidh — bollamáin (bollmáin).
1.
iasc a bhuaileas an cladach in a chluithchí sa bhfoghmhar in éindigh le na ronnaigh. horse mackerel?
2.
fear mór fiadháin a mbeadh an iomarca le rádh aige; glaodhmaire; glagaire; bollaire; bollscaire.
+
Sé'n bollamán é.
Bollamán mór fir é.
TUILLEADH (10) ▼
Is áidhbhéil a' bollamán d'fhear é.
Fainic thú fhéin ar a' mbollamán sin, mar tá marbhú duine air, má bhíonn sé spréachta.
Is tú an bollamán mío-stuamdha.
Is mór is fiú dhom, nach bhfuil mé in mo bhollamán mór, t'fhearachtsa!
Tá cúl a cainnte leis a' mbollamán sin.
Bíonn a' bollamán sin ar a' nglagaireacht chéadna i gcomhnuidhe.
Sé'n bollamán de ríste é = "fear fada fuar falamh" gan déantús maitheasa a' bith.
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas a' bith a chuir ar a' mbollamán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínighthe le goirid anuas.
Tóig aghaidh do bhéil dhíom a bhollamáin mhóir.
Bollamán bradach é sin, gan fios a labhartha chor a' bith.