bolmán
—uimhir iolra: bolmáin
1.
iasc a bhuaileas an cladach ina chluichí sa bhfómhar in éindí le na ronnaigh; horse mackerel?
2.
fear mór fiáin a mbeadh an iomarca le rá aige; glaomaire; glagaire; bollaire; bolscaire.
+–
'Sé an bolmán é.
Bolmán mór fir é.
TUILLEADH (10) ▼
Is áibhéil an bolmán d'fhear é.
Fainic thú fhéin ar an mbolmán sin, mar tá marú duine air má bhíonn sé spréachta.
Is tú an bolmán místuama.
Is mór is fiú dhom nach bhfuil mé in mo bholmán mór t'fhearachtsa!
Tá cúl a cainte leis an mbolmán sin.
Bíonn an bolmán sin ar an nglagaireacht chéanna i gcónaí.
'Sé an bolmán de ríste é — fear fada fuar folamh gan déantús maitheasa ar bith.
Níor mhaith dhuit araoid ná aighneas ar bith a chur ar an mbolmán sin roimhe seo, ach tá sé roinnt mínithe le gairid anuas.
Tóg aghaidh do bhéil dhíom a bholmáin mhóir.
Bolmán bradach é sin gan fios a labhartha chor ar bith.