Bollstaic
—foghar boulstaic
1.
"gamhain nach mbeadh gearrtha glan", nó "tarbh a choillfidhe láidir".
+–
Is iomdha gamhain, nach dtuiteann aige, ach leath-cheann. An ceann nach mbaintear as, ach í sin, bíonn sé in a bhollstaic, a' rith indiaidh beithidheach (M. B.)
Tá bollstaic de ghamhain annsin thuas agham, a's sé is measa dhá bhfaca tú in do shaoghal ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Bollstaic é. Choill mé é, in aois a bhliadhna, mar bhí mé a' ceapadh nach ughdar maith tairbh a bhí ann.
'Sé bhfuil aige anois, aon-bhudóigín amháin, a's bollstaic de ghamhain bliadhna.
Caithfidhear an bollstaic sin, a dhealú amach óna beithidhigh eile, mar tá sé 'déanamh cír-thuaithbhill díob.
Ní tarbh é, ach bollstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céadna, a's ba maoilscríobach a rinne sé a ghna(ithe), aindeoin gur h-íocadh é.
2.
fear gan aon-mhuirghín.
+–
Níl ann ach an bollstaic d'fhear, mara bhfuil aon-mhuirghín fós air.
Cé'n sórt bollstaic é fhéin, nach mbeadh clann dá bharr ach an oiread le fear a' bith eile sa tír.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé in a bhollstaic, mara bhfuil aon-duine fós aige.
Níor phós sé ariamh, ach ag imtheacht ina bhollstaic mar sin.
3.
"staic d'fhear nó de bhean láidir gharbh", nó duine a bheadh ag imtheacht mío-shuaimhneach a's luaithneach, a's gothadh diúltach air, a's é ar bheagán spleadhchais le aon-duine b'fhéidir.
+–
Nach hí an bhollstaic í adeirtear le bean mar atá i gceist in 3.
Diabhal a leithide de bhollstaic de bhean, a chasfaidhe ort in do shiubhal ionnsuighe.
TUILLEADH (6) ▼
Má phósann sé an bhollstaic siúd, gheobha sé a sháith de'n tsaoghal. Ó, cuirfe sé a pheirfhiachaí dhe, má mhaireann sí i bhfad.
Is geall le bollstaic ag imtheacht é.
Fear a theastóchadh ó'n mbollstaic sin, le í 'chur ó bhóithreóireacht.
Is deas a' ball i dteach a' bith é, an bhollstaic bhradach sin!
Ní hé an bollstaic sin an ball ab fhearr liom ar a' teallach, dá mbeadh neart agam air.
Níl gothadh 'bith againn ar a' mbollstaic chéadna. Is fada bhead sé amuigh, go gcuirfidhe fios annseo air!