Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bolstaic
foghar: boulstaic
1.
gamhain nach mbeadh gearrtha glan, nó tarbh a choillfí láidir.
+
Is iomaí gamhain nach dtiteann aige ach leathcheann. An ceann nach mbaintear as, ach í sin, bíonn sé ina bholstaic ag rith i ndiaidh beithíoch (M. B.)
Tá bolstaic de ghamhain ansin thuas agam agus 'sé is measa dhá bhfaca tú in do shaol ariamh.
TUILLEADH (4) ▼
Bolstaic é. Choill mé é in aois a bhliana mar bhí mé ag ceapadh nach údar maith tairbh a bhí ann.
'Sé a bhfuil aige anois, aon bhodóigín amháin agus bolstaic de ghamhain bliana.
Caithfear an bolstaic sin a dhealú amach ó na beithígh eile mar tá sé ag déanamh cíor thuaifil díobh.
Ní tarbh é ach bolstaic, ach níor coilleadh glan é. Bhí an coillteoir ar meisce an lá céanna, agus ba maolscríobach a rinne sé a ghnaithe, ainneoin gur híocadh é.
2.
fear gan aon mhuirín.
+
Níl ann ach an bolstaic d'fhear mura bhfuil aon mhuirín fós air.
Cén sórt bolstaic é fhéin nach mbeadh clann dá bharr ach an oiread le fear ar bith eile sa tír.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ina bholstaic mura bhfuil aon duine fós aige.
Níor phós sé ariamh ach ag imeacht ina bholstaic mar sin.
3.
staic d'fhear nó de bhean láidir gharbh, nó duine a bheadh ag imeacht míshuaimhneach agus luaineach, agus gotha diúltach air, agus é ar bheagán spleáchais le aon duine b'fhéidir.
+
Nach í an bholstaic í — adeirtear le bean
Diabhal a leithide de bholstaic de bhean a chasfaí ort in do shiúl ionsaí.
TUILLEADH (6) ▼
Má phósann sé an bholstaic siúd, gheobhaidh sé a sháith den tsaol. Ó, cuirfidh sé a pheiriachaí dhe má mhaireann sí i bhfad.
Is geall le bolstaic ag imeacht é.
Fear a theastódh ón mbolstaic sin, le í a chur ó bhóithreoireacht.
Is deas an ball i dteach ar bith é, an bholstaic bhradach sin!
Ní hé an bolstaic sin an ball ab fhearr liom ar an teallach, dá mbeadh neart agam air.
Níl gotha ar bith againn ar an mbolstaic chéanna. Is fada a bheadh sé amuigh go gcuirfí fios anseo air!