Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bornóg
ainm-fhocal, baininscneach.
Foghar: bournóg fearacht "or" in "ord", "bord" nó "ur" in "urlacan", "tuirlingt" etc. i gcanamhaint Chonamara (le fairrge).
Taithmheach: boireannóg (boranóg) b'fhéidir. Boireann = cloch nó carraig
duine (fear nó bean, ach go h-áithrid bean) bog, beathuighthe mío-stuama, nach mbeadh aon-tapa ann nó nach mbeadh éasca ar a chois; gruadhán de dhuine; matal de dhuine; bairghín de dhuine.
+
Nach hí an bhornóg chaillighe í?
Tá sí in aon-bhornóig amháin a's gan í in don corruighe.
TUILLEADH (13) ▼
Níl siubhal a' bhóthair innte, tá sí in a bornóig chomh trom sin anois.
Tá sé in aon-bhornóig amháin gan fuinne(amh) gan fáscadh. Má mhaireann dó (i.e. a' cur fheola suas), is gearr a bheidheas tapa a' bith ann.
Má thuiteann a' bhornóig sin ar meisce orainn, ar gceann finne, ní bheidh indon é 'iomchur abhaile.
(D)ar ndú, ní indon obair a dheanamh atá an bhornóg siúd. Nach ar éigin atá eirghe in a seasamh ínnte, le feoil?
Sin í an bhornóg a bhfuil sé deacair aon-cheart a bhaint di.
Bornógaí móra troma a bhí sa dreám sin ar fad.
Is beag 'aireochas sé fhéin a chuid coirce a chuir isteach, a's triúr nó ceathar bornógaí d'ingheanachaí aige.
Is beag, beag, a bheadh le déanamh aghad, go deimhin a dhul a chongnamh do Sh. M. a's a bhfuil de bhornógaí aca(b) fhéin ann.
Tháinic bornóg mhór shéidthe de 'Ghaedhilgeoir' nó d'fhámuire anoir a' bóthar indiu, a's chuir sé 'bail ó Dhia' orm. Is air a bhí slacht a chodach, pé'r bith cé hé fhéin.
Is áidhbhéil a' bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia a's ó Mhuire uirre. 'Sí atá a' gabhail le muinntir a sean-mháthar.
Nach fada an saoghal atá an bhornóg a fhághail, nach fada sin!
Tá sé in aon-bhornóig amháin annsiúd sa gclúid, a's séideán ann le teann feola.
Sin í an bhornóg dhaoitheamhail. Dá gcasadh sí céad uair sa ló dhom anuis, dheamhan caidéis a' bith a chuirfinn uirre.