bornóg
—ainmfhocal, baininscneach
—foghar: bournóg fearacht or in ord, bord nó ur in urlacan, tuirlingt srl. i gcanúint Chonamara (le farraige).
—taifeach: boireannóg (boranóg) b'fhéidir. Boireann = cloch nó carraig.
—
duine (fear nó bean, ach go háirid bean) bog, beathaithe místuama, nach mbeadh aon tapa ann nó nach mbeadh éasca ar a chois; gruán de dhuine; matal de dhuine; bairín de dhuine.
+–
Nach í an bhornóg chaillí í?
Tá sí in aon bhornóig amháin agus gan í in ann corraí.
TUILLEADH (13) ▼
Níl siúl an bhóthair inti, tá sí ina bornóig chomh trom sin anois.
Tá sé in aon bhornóig amháin gan fuinneamh gan fáscadh. Má mhaireann dó (.i. ag cur fheola suas), is gearr a bheas tapa ar bith ann.
Má thiteann an bhornóig sin ar meisce orainn, ar gceann fine ní bheidh in ann é a iompar abhaile.
Ar ndóigh, ní in ann obair a dhéanamh atá an bhornóg siúd. Nach ar éigean atá éirí ina seasamh inti le feoil?
Sin í an bhornóg a bhfuil sé deacair aon cheart a bhaint di.
Bornógaí móra troma a bhí sa dream sin ar fad.
Is beag a aireos sé fhéin a chuid coirce a chur isteach agus triúr nó ceathar bornógaí d'iníonachaí aige.
Is beag beag a bheadh le déanamh agat go deimhin, a dhul a chúnamh do Sh. M. agus a bhfuil de bhornógaí acub fhéin ann.
Tháinig bornóg mhór shéidte de Ghaeilgeoir nó d'fhámaire anoir an bóthar inniu agus chuir sé bail ó Dhia orm. Is air a bhí slacht a chodach, pé ar bith cé hé fhéin.
Is áibhéil an bhornóg de bhean atá sí a dhéanamh, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi. 'Sí atá ag gabháil le muintir a seanmháthar.
Nach fada an saol atá an bhornóg a fháil, nach fada sin!
Tá sé in aon bhornóig amháin ansiúd sa gclúid, agus séideán ann le teann feola.
Sin í an bhornóg dhaoithiúil. Dá gcasadh sí céad uair sa ló dhom anois, dheamhan caidéis ar bith a chuirfinn uirthi.