—
cléibhín beag bídeach a bhíodh ann roimhe seo, a's a d'fheicfeá in áiteachaí fós, le fataí a líonadh ag poll, le fataí céad-fhoghmhair a thabhairt isteach, a's le freastal d'ualaighe beaga. Tuairim's dhú nae trí (a dhó nó trí) de chlocha a theigheadh ann. Bhíodh táiseachaí i gcuid acu.
+–
Teirigh igcoinne boscaed fataí chuig a' bpoll.
Tá mé in mo bhambairne d'uireasbha boscaed, le na fataí a líonadh sa gcarr.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mbeadh boscaed agam, ba mhór a' leas é, le na fataí a líonadh i gcléibh a' chapaill leis.
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon-chall dhuit duine le na n-árdú ort.
Tabhair isteach boscaeidín fataí agham (chugam).
Níl fad méire de bhoscaeidín agham, nó go fiú's a' bórán fhéin, le tada a thabhairt amach (ch)uig na caoirigh.
B'fhearr duit boscaeidín fataí nuadha a bhaint. Mara bhfuil siad isteach anois, ní bheidh siad isteach imbliadhna, a's é in a Dhomhnach Chrúm Dubh thall = tá sé in am ag na fataí nuadha a bheith in alt a mbainte feasta, a's Domhnach Chrom Dubh ar faghail.
Ní fhaca tú aon-chubharláin d'fhataí ariamh is lugha ná iad. Ní bheadh lán boscaeidín acab agad ar chion iomaire fhada.
Cuirfe boscaed eile síolta an cúl seo.
Ghoid sé a shean-eire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist a' méid sin acab ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuiridh, a's sin é ar thug sé dhúinn in ómós imbliadhna — boscaeidín beag bídeach, a's gan é sin fhéin lán.
Fuair tú amach an té atá indon cliabh a iomchur. Sáthach righte a ghabhfadh sé leis, boscaeidín a iomchur, ní áirmhighim cliabh. (Dh)ar ndóigh, níl lúd ná láthar sa luisneachán siúd.
Níl mórán le boscaeidín móna anois ann, a's bainighidh fada nó gearr as sin. Sin é a bhfuighe sib, go sroiche duine eicínt 'na phorta(igh) ambáireach.