Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
boscaed
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra: boscaeid
cléibhín beag bídeach a bhíodh ann roimhe seo, agus a d'fheicfeá in áiteachaí fós, le fataí a líonadh ag poll, le fataí céadfhómhair a thabhairt isteach, agus le freastal d'ualaí beaga. Tuairim is dhó nó trí de chlocha a théadh ann. Bhíodh táiseachaí i gcuid acu.
+
Téirigh i gcoinne boscaed fataí chuig an bpoll.
Tá mé in mo bhambairne d'uireasa boscaed le na fataí a líonadh sa gcarr.
TUILLEADH (11) ▼
Dhá mbeadh boscaed agam, ba mhór an leas é le na fataí a líonadh i gcléibh an chapaill leis.
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon chall dhuit duine lena n-ardú ort.
Tabhair isteach boscaeidín fataí agam (chugam).
Níl fad méire de bhoscaeidín agam, nó go fiú is an bórán fhéin, le tada a thabhairt amach chuig na caoirigh.
B'fhearr duit boscaeidín fataí nua a bhaint. Mura bhfuil siad isteach anois, ní bheidh siad isteach i mbliana, agus é ina Dhomhnach Chrom Dubh thall — tá sé in am ag na fataí nua a bheith in alt a mbainte feasta agus Domhnach Chrom Dubh ar fáil.
Ní fhaca tú aon chúrláin d'fhataí ariamh is lú ná iad. Ní bheadh lán boscaeidín acub agat ar chion iomaire fhada.
Cuirfidh boscaed eile síolta an cúl seo
Ghoid sé a sheaneire de chruit fhataí! Ghoid go deimhin! Dheamhan ceo le cion boscaeid a ghoid sé ar fad, ach is mó i gceist an méid sin acub ná dhá ngoideadh sé poll ar dhuine eile.
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuraidh agus sin é ar thug sé dhúinn ina ómós i mbliana — boscaeidín beag bídeach, agus gan é sin fhéin lán.
Fuair tú amach an té atá in ann cliabh a iompar. Sách rite a ghabhfadh sé leis boscaeidín a iompar, ní áirím cliabh. Ar ndóigh, níl lúd ná láthar sa luisneachán siúd.
Níl mórán le boscaeidín móna anois ann, agus bainidh fada nó gearr as sin. Sin é a bhfaighidh sibh go sroiche duine eicínt 'na phortaigh amárach.