Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Brachlainn
baininscin
iolraidh: brachlainneachaí
1.
cárnán nó láithreachán mór de rud a' bith.
+
Is diabhluidhe an bhrachlainn éisc atá aige adéarfá nuair a d'fheicfeá an stropa nó'n máilín éisc caithte amach ar a' gcarraig, ar a' talamh, nó sa mbád ag iascaire.
D'eirigh an-bhrachlainn éisc leis indiu. Is mór a' fátalluidhe é.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sin aige, de bharr a lae, brachlainn bhreagh bhláthain. Chonnaic mé caithte ar an urlár rómham iad.
Chaithfeadh sé go raibh an-mharbhú ar iasc indiu, a's an bhrachlainn a d'eirigh le N. Ph. Ní fhaca mé fós imbliadhna aige, thar chupla bláthainín, a's bod gorm.
Chuaidh mé 'na chladaigh le cupla urchar iascaigh a chaitheamh roimh an gCingcís, a's ní chreidfeá ach a' bhrachlainn éisc a thárluigh mé liom.
Bheadh brachlainn agam, marach go raibh na logaigh ídighthe orm, a's ní fiú do sheacht mallacht na portáin ar a n-aghaidh fhéin.
Is mór an saothruidhe tú, má mharbhuigh tú fhéin an bhrachlainn éisc sin, fré chéile.
Níor bhfiú do dhuine 'bheith dhá mheath fhéin le cupla bláthainín, faoi nach n-eireochadh brachlainn bhreagh bhallach leis.
+
Is áidhbhéil a' bhrachlainn choirce a bhí ar a' ngarrdha siúd aige. Ní bheadh fhios aghad é, go bhfeicfeá é idtoll a chéile san iothlainn.
Tá brachlainn mhór arbhair imbliadhna aige, rud ab annamh leis. Maran ar a' mbliadhain a bhí sé, ní hé fhéin a rinne é.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí mé istigh sa scioból indé ann, a's tá brachlainn mhór sean-fhataí aca(b) fós
Céard a dhéanfas sib leis a' mbrachlainn spré mhóna údaidh atá ar bruach. Caithfidhear í 'chrapadh as siúd, sul a dtosuightear a' baint aríst, nó beidh sí sa mbealach.
Tá an-bhrachlainn fhéir leigthe aige indiu.
Is mór an bhrachlainn fhéir atá bainte aige ó eadarshuth.
Tá an-bhrachlainn chairrigín scartha ar Chnocán Gharrdha an Chladaigh hebrí (pé'r bith) cé leis é.
+
Tá brachlainn mhór chloch tarraingthe aige, maran a' brath ar teach nuadh a dheanamh atá sé.
Tá na clocha caithte in a mbrachlainneachaí ar a' mbóthar.
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé in araidheacht 'bicycle' a' bith a chuir ann (ar bhóthar) anois, le na brachlainneachaí cloch atá air.
'Sé dicheall duine é 'shiubhal, ní áirmhighim 'bicycle' a thabhairt air, le na brachlainneachaí cloch cladaigh a scaradh air, le scathamh.
Is olc an earradh ag 'bicycle' na brachlainneachaí cloch seo.
2.
tonn mhór árd, a eirigheas san aer a's a bhriseas a's a réabas roimpe ar a' gcladach, nó ar chora, ar sceird, ar mhullán nó in aghaidh strapa ar an gcladach. Is minic nuair a bhriseas na brachlainneachaí go n-imthigheann siad leo in a mbréidíní marbha, cáithte. (féach "Inis Meadhoin", Peadar Ó Coinceanainn).
+
D'fheicfeá na brachlainneachaí a bhí a' briseadh ar an mBantra, dhá mhíle ó bhaile = tonntrachaí áithbhéalta.
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora, a bhí 'g (dh)ul míle 'san aer, a's chuaidh bád na Trágha Báine siar 'na dheidh (dhiaidh) sin.
TUILLEADH (6) ▼
Is áithbhéalta na brachlainneachaí fairrge a bhío(nn)s ar chladaigh Árann adeir siad liom.
Dhá mbeireadh brachlainn mhór an Bhantra orainn, bhí a' (ar) gcosa nighte. Bháithfeadh sí soitheach mór.
Is mór a chruthuigh na currachthóirí a's srianadh isteach thrídh na brachlainneachaí a's na maoidhmeannaí móra a bhí ar Charraig Bhéal Trágha.
Thug brachlainn Charraig a' Mhatail fuighleach le déanamh dóibh! = is ar éigin a sháruigh an bád í.
Bíonn brachlainneachaí mar sin ar chladaigh dána, an lá is ciúine sa mbliadhain. Is beag an bhrigh iad, le h-ais na nDásachtaí thiar i Leitir Mealláin.
Dheamhan ar na mangaigh a thiocfas mise aríst imbliadhna, ó thug mé an eang liom ó bhrachlainn Bharr na Cora indé.

Brachlainn in iontrálacha eile (5)

 
bruach
Tá an-bhrachlainn fheamuinne ar bruach ó mhaidin aige.
 
Tá foracún eile clocha briste dhá chur ar an mbóthar anois, théis go ndeacha dhá fhoracún cheana air. Tá siad in a mbrachlainn annsin thíos ag béal an bhóithrín
 
dul
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá annsin thoir san sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhuinn. Cuireadh ar ar miotal ceart críochnuithe muid. Bhí fairrgí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deó
 
Chuaidh mé soir lá ag an gcara 'Bh. Bhí brachlainn aca ann (bradáin). Bhí píosa dorugha in mo phóca agus cupla dubhán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mara dtugaidh mé ceann astaí (asaibh) le dúbhánacht aimhris. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais ionnta leis an dubhán, ach ba é a cás céadna é. D'fhan mé annsin. "Má theigheann tú ar meath teirigh ag iascach" arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom nuair ab fhada liom an fanacht nach bhfaghann gruadhán mór de chloich, agus nach gcaithim amach in a gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindigh …
 
Bhí iasc glas ag dul ó ithe orainn an bhliain sin, le na raibh againn dhe. Bhí sé in a bhrachlainn amach annsin ins na garrantaí agus na madraí féin gránuighthe air