Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
brachlainn
baininscneach
1.
carnán nó láithreachán mór de rud ar bith.
+
Is diabhlaí an bhrachlainn éisc atá aige — adéarfá nuair a d'fheicfeá an strapa nó an máilín éisc caite amach ar an gcarraig, ar an talamh, nó sa mbád ag iascaire.
D'éirigh an-bhrachlainn éisc leis inniu. Is mór an fáiteallaí é.
TUILLEADH (6) ▼
Bhí sin aige de bharr a lae, brachlainn bhreá bhlátháin. Chonaic mé caite ar an urlár romham iad.
Chaithfeadh sé go raibh an-mharú ar iasc inniu agus an bhrachlainn a d'éirigh le N. Ph. Ní fhaca mé fós i mbliana aige, thar chupla blátháinín agus bod gorm.
Chuaigh mé 'na chladaigh le cupla urchar iascaigh a chaitheamh roimh an gCincís, agus ní chreidfeá ach an bhrachlainn éisc a tharlaigh mé liom.
Bheadh brachlainn agam murach go raibh na logaigh ídithe orm, agus ní fiú do sheacht mallacht na portáin ar a n-aghaidh fhéin.
Is mór an saothraí tú má mharaigh tú fhéin an bhrachlainn éisc sin fré chéile.
Níorbh fhiú do dhuine a bheith dhá mheath fhéin le cupla blátháinín faoi nach n-éireodh brachlainn bhreá bhallach leis.
+
Is áibhéil an bhrachlainn choirce a bhí ar an ngarraí siúd aige. Ní bheadh a fhios agat é go bhfeicfeá é i dtoll a chéile san iothlainn.
Tá brachlainn mhór arbhair i mbliana aige, rud ab annamh leis. Muran ar an mbliain a bhí sé, ní hé fhéin a rinne é.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí mé istigh sa scioból inné ann agus tá brachlainn mhór seanfhataí acub fós
Céard a dhéanfas sibh leis an mbrachlainn spré mhóna údaí atá ar bruach. Caithfear í a chrapadh as siúd sula dtosaítear ag baint aríst nó beidh sí sa mbealach.
Tá an-bhrachlainn fhéir ligthe aige inniu.
Is mór an bhrachlainn fhéir atá bainte aige ó eadarshuth.
Tá an-bhrachlainn charraigín scartha ar Chnocán Gharraí an Chladaigh, hebrí (pé ar bith) cé leis é.
+
Tá brachlainn mhór chloch tarraingthe aige, muran ag brath ar teach nua a dhéanamh atá sé.
Tá na clocha caite ina mbrachlainneachaí ar an mbóthar.
TUILLEADH (3) ▼
Níl sé in araíocht bicycle ar bith a chur ann (ar bhóthar) anois le na brachlainneachaí cloch atá air.
'Sé dícheall duine é a shiúl, ní áirím bicycle a thabhairt air, le na brachlainneachaí cloch cladaigh a scaradh air le scaitheamh.
Is olc an earra ag bicycle na brachlainneachaí cloch seo.
2.
tonn mhór ard a éiríos san aer agus a bhriseas agus a réabas roimpi ar an gcladach, nó ar chora, ar sceird, ar mhullán nó in aghaidh strapa ar an gcladach. Is minic nuair a bhriseas na brachlainneachaí go n-imíonn siad leo ina mbréidíní marbha, cáite. Fc. Inis Meáin, Peadar Ó Coinceanainn.
+
D'fheicfeá na brachlainneachaí a bhí ag briseadh ar an mBantra, dhá mhíle ó bhaile — tonntrachaí áibhéalta
Bhí brachlainn ar Bharr na Cora a bhí ag dul míle san aer, agus chuaigh bád na Trá Báine siar ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (6) ▼
Is áibhéalta na brachlainneachaí farraige a bhíonns ar chladaí Árann, adeir siad liom.
Dhá mbeireadh brachlainn mhór an Bhantra orainn, bhí a (ár) gcosa nite. Bháfadh sí soitheach mór.
Is mór a chruthaigh na curachóirí agus srianadh isteach thrí na brachlainneachaí agus na maidhmeannaí móra a bhí ar Charraig Bhéal Trá.
Thug brachlainn Charraig an Mhatail fuílleach le déanamh dóibh! — is ar éigean a sháraigh an bád í.
Bíonn brachlainneachaí mar sin ar chladaí dána an lá is ciúine sa mbliain. Is beag an bhrí iad le hais na nDásachtaí thiar i Leitir Mealláin.
Dheamhan ar na mangaigh a thiocfas mise aríst i mbliana ó thug mé an eang liom ó bhrachlainn Bharr na Cora inné.

brachlainn in iontrálacha eile (5)

 
bruach
Tá an-bhrachlainn fheamainne ar bruach ó mhaidin aige.
 
Tá foracún eile clocha briste dhá chur ar an mbóthar anois, théis go ndeachaigh dhá fhoracún cheana air. Tá siad ina mbrachlainn ansin thíos ag béal an bhóithrín
 
dul
Ní raibh dul ar bith orainn nó gur rug muid anoir ar an mbrachlainn atá ansin thoir sa sunda. Thug sí sin rud le déanamh dhúinn. Cuireadh ar ár miotal ceart críochnaithe muid. Bhí farraigí ann an lá sin. Shíl mé dheamhan ar tír a thiocfadh muid go deo
 
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
 
Bhí iasc glas ag dul ó ithe orainn an bhliain sin lena raibh againn dhe. Bhí sé ina bhrachlainn amach ansin sna garrantaí agus na madraí féin gráinithe air