—
sraith de rud a' bith a bheadh in aon-láithreachán amháin ar a' talamh; sraith a d'fhágfaidhe dhá thuaradh nó dhá thiormú, a's nach dtóigfidhe, nó a d'fhágfaidhe faoi amlughadh.
+–
Tá an mhóin annsiúd in a brat-scair = fágtha scartha gan tógáil ar an bportach, nó thiocfadh dhi gurb é an chaoi ar fágadh í thar gheimhreadh in a goigíní nó in a gróigíní beaga.
Fágadh a raibh de mhóin ar a' mbruach thiar in a brat-scair fré chéile anuiridh. Shíl sé go dtiocfadh tiormach sa bhfoghmhar, ach in a leaba sin, tháinic an bhliadhain chomh dona, a's nar thiormuigh fód ar bith.
TUILLEADH (8) ▼
Ba cheart do'n spré-mhóin siúd ar a' lag-phortach tiormach maith a bheith anois uirre, a's a bhfuair sí de róstadh le coicís. B'fhearr caoi a chur anois uirre, a's gan í 'bheith in a brat-scair annsiúd níos fuide.
Is dona a chlis tú ar a' bportach móna sin, gur fhága tú in a bhrat-scair mar sin é. D'fhéadfadh sé a bheith aith-ghróigthe aghad ar a' tiormach mór.
Is mór is fiú í (an mhóin) a bheith in a leath-dhubhacháin fhéin. Caoi a' bith nach bhfágfaidhe caithte in a brat-scair faoi'n sioc í, dheamhan a' mbeadh daor-bhasctha dhi chor a' bith.
Dheamhan sop féir ag gabhail le M. Mh. Bh. annsin thoir, nach caithte in a bhrat-scair mar sin atá, faoi amlughadh. 'Bhfaca tú fear a' bith ariamh nach dtapóchadh a ghna(ithe) ach é?
Coirce a' bith a bhí fágtha ar sraith faoi na tuilte sin, tá sé in a bhrat-scair lobhtha anois.
Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin. Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air. Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
Chuir sé an cairrigín ar tuar thíos i gcurrach an chladaigh a's d'fhága sé annsin é in aon-bhrat-scair amháin gur leágh sé. Ach chreidim nach hé is mó a bhí a' deanamh ímnidhe dhó an tráth céadna.
Bhain sé díol a' gheimhridh de raithneach, a's d'fhága sé in aon-bhratscair amháin í annsin thiar sa scainimheáin, gur lobh chuile bhlas di.