Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bratscair
ainmfhocal, baininscneach
tuiseal ginideach bratscarach, brat-scaire
sraith de rud ar bith a bheadh in aon láithreachán amháin ar an talamh; sraith a d'fhágfaí dhá thuaradh nó dhá thriomú agus nach dtógfaí nó a d'fhágfaí faoi amlú.
+
Tá an mhóin ansiúd ina bratscair — fágtha scartha gan tógáil ar an bportach nó thiocfadh dhi gurb é an chaoi ar fágadh í thar gheimhreadh ina goigíní nó ina gróigíní beaga
Fágadh a raibh de mhóin ar an mbruach thiar ina bratscair fré chéile anuraidh. Shíl sé go dtiocfadh triomach sa bhfómhar, ach ina leaba sin, tháinig an bhliain chomh dona agus nár thriomaigh fód ar bith.
TUILLEADH (8) ▼
Ba cheart don sprémhóin siúd ar an lagphortach triomach maith a bheith anois uirthi agus a bhfuair sí de róstadh le coicís. B'fhearr caoi a chur anois uirthi agus gan í a bheith ina bratscair ansiúd níos faide.
Is dona a chlis tú ar an bportach móna sin gur fhága tú ina bhratscair mar sin é. D'fhéadfadh sé a bheith athghróigthe agat ar an triomach mór
Is mór is fiú í (an mhóin) a bheith ina leathdhúcháin fhéin. Caoi ar bith nach bhfágfaí caite ina bratscair faoin sioc í, dheamhan an mbeadh daorbhasctha dhi chor ar bith.
Dheamhan sop féir ag gabháil le M. Mh. Bh. ansin thoir nach caite ina bhratscair mar sin atá faoi amlú. An bhfaca tú fear ar bith ariamh nach dtapódh a ghnaithe ach é?
Coirce ar bith a bhí fágtha ar sraith faoi na tuilte sin, tá sé ina bhratscair lofa anois.
Dheamhan iontas ar bith a dhéanfainnse gur théigh an coca féir sin. Nár fhága sé ina bhratscair ansin thíos é ar feadh coicíse gan breathnú siar air. Bíodh sé buíoch nuair nár lobh sé ar fad.
Chuir sé an carraigín ar tuar thíos i gcorrach an chladaigh agus d'fhága sé ansin é in aon bhratscair amháin gur leáigh sé. Ach chreidim nach é is mó a bhí ag déanamh imní dhó an tráth céanna.
Bhain sé díol an gheimhridh de raithneach agus d'fhága sé in aon bhratscair amháin í ansin thiar sa scaineamháin gur lobh chuile bhlas di.