Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
briocán (breacán)
1.
cineál éadaigh: plaid. (Ach is beag a bhío(nn)s sé sin i gceist anois).
2.
'san uimhir iolraidh briocáin = éadaigh, go h-áithrid sean-éadaigh, sean-stocaí a's mion-bhaill mar sin (mar seo is iondamhla i gceist é anois).
+
Cá'il mo bhriocáin? = cá'il mo chuid éadaigh? (go h-iondamhail éadaigh na strácála, ach ní h-eadh i gcomhnuidhe. Thárlóchadh gur éadaigh nuadha fhéin a bheadh igceist. Déarfadh duine é nuair a d'eireochadh sé ar maidin).
'Bhfaca tú mo bhriocáin?
TUILLEADH (17) ▼
Fágaighidh mo bhriocáin dhom go beo, nó beidh mé deireannach ar a' tsochraide.
Céard a rinne sib le mo chuid briocáin, nach bhfuil siad le fághail?
Is measa a chuid briocáin a chuir faoi réir dhó, 'chuile Dhomhnach, ná dhá mbadh 'dul amach dhá phósadh a bheadh sé.
Scial (scéal) ar do bhriocáin ugad! Fághaigidh dhó iad, nó reicfe sé muid.
Is mór a' tseanmóir thú fhéin, a's do chuid briocáin 'chuile lá.
Caithfe mé na briocáin seo 'athrú, a's éadaighe tirme a chuir orm fhéin.
Is dona na briocáin éadaighe atá air. Mea(s)ann tú 'bhfuil fuireann nuadh a' bith aige? (féach fuireann).
Sin briocáin mhaithe éadaighe fós, ach gan iad a mhilleadh le strácáil.
Tabhair aire do na briocáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise indon aon-fhuireann nuadh a cheannacht dhuit.
Chuir tú an droch-bhail críochnuighthe ar do chuid briocáin. Shílfeá gurb iad a tharraingt thrídh línn mhúnlaighe a dhéan(f)aidhe.
InDomhnach is briocáin réasúnta fós iad. Bainfe mé seasamh eile asta(b).
Ná mill mo bhriocáin. Ní beag dhóib chomh dona a's tá siad, a's gan tusa dhá ndéanamh níos measa.
Ó b'annamh leis a' gcut srathar a bheith air, briocáin mhaithe a bheith air sin!
M'anam muise má's ceannuidhe é, gur maith na briocáin éadaighe atá air.
Cá'r eirigh na briocáin leis? Nó 'bhfuil sé a' brath ar a dhul 'san uaisle?
Dheamhan baoghal a' bith nach mbeadh briocáin de bhrabach orra(b) sa teach seo thuas, dhá dteightheá dhá n-iarra(idh) orra(b).
Cheannuigh sí na briocáin sin idteach eicínt inGaillimh ar bheagán. B'fhurast aithinte orra(b) go raibh siad réidh-chaithte, nuair a cheannuigh sí iad. Cuileáilte a bhí siad ag duine eicínt eile.

Féach freisin