Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
breacán
1.
cineál éadaigh: plaid (ach is beag a bhíonns sé sin i gceist anois).
2.
san uimhir iolra breacáin) éadaigh, go háirid seanéadaigh, seanstocaí agus mionbhaill mar sin (mar seo is iondúla i gceist é anois).
+
Cá'il mo bhreacáin? — cá'il mo chuid éadaigh? (go hiondúil éadaigh na strácála, ach ní hea i gcónaí. Tharlódh gur éadaigh nua fhéin a bheadh i gceist. Déarfadh duine é nuair a d'éireodh sé ar maidin)
An bhfaca tú mo bhreacáin?
TUILLEADH (17) ▼
Fágaidh mo bhreacáin dhom go beo nó beidh mé deireanach ar an tsochraide.
Céard a rinne sibh le mo chuid breacáin nach bhfuil siad le fáil?
Is measa a chuid breacáin a chur faoi réir dhó chuile Dhomhnach, ná dhá mba ag dul amach dhá phósadh a bheadh sé.
Scial (scéal) ar do bhreacáin agat! Faighigí dhó iad nó reicfidh sé muid.
Is mór an tseanmóir thú fhéin agus do chuid breacáin chuile lá.
Caithfidh mé na breacáin seo a athrú agus éadaí tirime a chur orm fhéin.
Is dona na breacáin éadaí atá air. Meánn tú an bhfuil foireann nua ar bith aige? (fc. foireann)
Sin breacáin mhaithe éadaí fós ach gan iad a mhilleadh le strácáil.
Tabhair aire do na breacáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise in ann aon fhoireann nua a cheannacht dhuit.
Chuir tú an drochbhail críochnaithe ar do chuid breacáin. Shílfeá gurb iad a tharraingt thrí linn mhúnlaigh a dhéanfaí.
I nDomhnach, is breacáin réasúnta fós iad. Bainfidh mé seasamh eile astub.
Ná mill mo bhreacáin. Ní beag dhóibh chomh dona agus atá siad agus gan tusa dhá ndéanamh níos measa.
Ó b'annamh leis an gcat srathar a bheith air, breacáin mhaithe a bheith air sin!
M'anam muise más ceannaí é, gur maith na breacáin éadaí atá air.
Cár éirigh na breacáin leis? Nó an bhfuil sé ag brath ar a dhul san uaisle?
Dheamhan baol ar bith nach mbeadh breacáin de bhrabach orthub sa teach seo thuas dhá dtéiteá dhá n-iarraidh orthub.
Cheannaigh sí na breacáin sin i dteach eicínt i nGaillimh ar bheagán. B'fhurasta a aithinte orthub go raibh siad réchaite nuair a cheannaigh sí iad. Cuileáilte a bhí siad ag duine eicínt eile.

Féach freisin

breacán in iontrálacha eile (2)

 
ceal 1
Tá tú cheal éadaigh, muis, má tá tú taobh le na breacáin sin ort.
 
Má dhéanann tú círéabachaí de na breacáin sin anois, beidh moill ort aríst shul ó gheobhas tú foireann nua. Mar sin, tabhair aire dóibh.