Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
foireann
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: an fhoirinn
uimhir iolra: foirinn, foireannachaí
1.
scata daoine; roinnt daoine.
+
Bhí foireann mór ag an damhsa — scata, plód
Bhí foireann as an gC. Dh. ar cuairt aréir againn
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh foireann as an teach seo ar an mbainis
Tá foireann mór sa teach sin — muirín
Bhí foireann mór ar an mbus inniu
Cá'il an foireann s'agaibhse imithe? — an mhuintir
Tá an-fhoireann daoine ag ceann an bhóithrín
Ghabhfadh foireann as an áit seo siar ann dhá mbeadh a fhios go raibh sé ar bun
2.
an oiread daoine agus nár mhór i mbád; an méid nár mhór i meitheal oibre.
+
An bhfuil foireann ag teastáil uait. Gabhfaidh mise leat (i mbád nó i gcurach)
Cá ndeachaigh foireann na curaí
TUILLEADH (6) ▼
Tá do dhóthain foirinn agat i gcurach má tá beirt iomróirí maithe inti
Is beag an foireann a bhíos sna soithigh beaga sin chor ar bith
'Sé an uair a bhí siad ag brath ar imeacht a bhí fear den fhoireann ar iarraidh. Ní raibh sé le fáil abhus ná thall
Ní fhéadfadh sé a dhul ag obair inniu cheal foirinn. Níor tháinig ach triúr
Seisear an foireann ansin. Níl siad in ainm is a bheith faoi sheisear aon uair
Ní foláir duine eile le foireann a dhéanamh más i bpáirt a imreos sibh. Níl againn ach cúigear
·
"Fear agus foireann a bhí ag Mac Mhaolra" (líne as amhrán)
3.
culaith nua éadaigh; feisteas troscáin, éadaigh leabthan, earraí i siopa, feisteas cruife ar chapall, drad fiacal, gréithe, gléas capaill, deis dhéanta poitín srl. (set, suite a bhíos i gceist. Bíonn níos mó ná ball amháin i bhfoireann.
+
Tá foireann nua air aríst. Is gearr ó cheana a fuair sé foireann — culaith nua éadaigh
Nach maith a bheas foireann aici i gcónaí nuair a bheas foireann eile salach — tuáillí, éadaigh cláir, éadaigh leabthan srl.
TUILLEADH (4) ▼
Mura bhfuil d'éadach Domhnaigh agat ach iad sin, is gearr nach mór duit foireann nua
Níl aon leaba ag gabháil linn anois nach dteastódh foireann nua uathu, más fada gearr go gcuirtear orthu iad. Chreidim gur fada sin i nDomhnach
Ab iúd é an foireann céanna a bhí air an lá faoi dheireadh nó an foireann eile é? Ar ndóigh is beag a aireos sé sin foireann a fháil uair ar bith a dtogróidh sé
Is daor an ailím foireann a cheannacht anois. Níl aon chulaith éadaigh le fáil thíos i nG. gan naoi bpunt airgid
+
Chuir sé foireann nua isteach sa siopa — lastas nua earraí
Tá teach breá aige ach m'anam nach ndéanfaidh sin siopa dhó, mura bhfuil an cur leis ann. Is beag an mhaith dhó ballaí fuara mura bhfuil brá gill air le foireann a chur isteach
TUILLEADH (10) ▼
Ghlan sé amach an seantroscán ar fad agus chuir sé foireann nua glan as an bpíosa isteach. Is mór an áilleacht an teach atá aige anois
Chuaigh sí Gaillimh inniu le foireann a fháil (troscáin) Tá sí le "Gaeilgeoirí" a choinneáil i mbliana
Is mór a chosnódh foireann don tseomra sin anois. Lán laidhre a mhic ó! Tá chuile shórt ina ór
Chaith sí amach na seanghréithe ar fad agus cheannaigh sí foireann nua. Tá drisiúr ordnáilte anois aici. Deir siad go scuabann gach scuab nua glan
Nuair a cailleadh an mháthair, d'ardaigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láí aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad mhaith ab éigean dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhuirste agus sluaiste agus chaon tsórt.
Tá an seanghléas sin stiallta ó chéile go deimhin. Caithfear foireann nua a fháil gan mórán achair (úmachaí capaill cairte : bríste, coiléar srl.)
Is fadó an lá nach ndearna sé aon deoir cheana. Dhóigh na misinéaraí an oirnis air, ach chuala mé go bhfuair sé foireann nua le gairid (gléas déanta poitín: pota, worm srl.)
Is ait an stiléara é sin dhá mbeadh foireann aige
Tharraing sí an drad fré chéile agus tá sí le foireann eile (fiacal) a chur isteach ina n-áit
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeodh (a chosnódh) foireann anois. Níl rud ar bith ar ndóigh is daoire ná fiacla
+
Tháinig sé isteach ansiúd sa gceárta agus d'iarr sé foireann a chur suas dó — cheithre chrú ar chapall, asal srl.
Caithfidh mé foireann cruife a chur suas inniu set iarainn ar chapall
TUILLEADH (3) ▼
Cé mhéad atá an gabha seo thoir a bhaint amach ar an bhfoireann anois?
Tá mo dhóthain gualach agam le aghaidh foireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ródhaor ar fad
Is géar a theastódh foireann a chur ar an asal sin dhá bhféadtaí é. 'Sé a tharraingíos an mhóin ar fad

Féach freisin

foireann in iontrálacha eile (17)

 
Meas tú an bhfuil sé siúd chomh dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágtha, an-mhaolscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí foireann air agus gan é a bheith sna ceamachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithe
 
ceal 1
Caithfidh tú déanamh scaitheamh eile, muis, cheal éadaigh, arae níl an oiread slí againne agus a choinneodh greim inár mbéal, ní áirím a dhul ag ceannacht foireann nua dhuitse aríst ar an toirt.
 
Má dhéanann tú círéabachaí de na breacáin sin anois, beidh moill ort aríst shul ó gheobhas tú foireann nua. Mar sin, tabhair aire dóibh.
+
Is dona na breacáin éadaí atá air. Meánn tú an bhfuil foireann nua ar bith aige? (fc. foireann)
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire do na breacáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise in ann aon fhoireann nua a cheannacht dhuit.
 
amach
Tá sé leis an troscán a dhíol amach uileag agus foireann nua a chur isteach.
 
amuigh
D'fhéadfadh sé foireann nua a chur isteach lena bhfuil amuigh aige, ach drochsheans go bhfeicfidh sé mórán go brách dhe (fc. foireann)
 
Ach a mbí an foireann nua istigh aige, is áirgiúil an teach a bheas aige (fc. foireann)
 
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beathach mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheantaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí tornapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh foireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire acu! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon fhiacail agam anois
 
Más dea-dhíolaí féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhoireann muc amach chuile bhliain agus níl seachtain ag éirí ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillmheach aici. Tá sí in ann a dhul Gaillimh ar sheascach na gcearc féin, agus gan ubh ná eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroí, ní áirím a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan sna siopaí
 
dearg 2
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach ansin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach anseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise foireann deas cruife dhuit le aghaidh an chait! — duine ag magadh faoi ghasúr
 
Breá ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé foireann nua isteach murach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta a aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine bíodh a fhios agat. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon bhean é: sin é a bhí air
 
deil 2
Nach é atá in ann a deil. "'B'éigean dom foireann nua a fháil do na scorachaí. Bhí siad ag stróiceadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar a bhí siad.' 'Tá sé chomh maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann,' adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta, nach é atá in ann an aithris a dhéanamh uirthi! An chaint chéanna agus na goití ceannann céanna, chomh maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár is chuinneoig
 
Teach deisithe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an foireann nua a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá iontu, idir chathaoireachaí boga agus boird
 
drad
Bhí sé óltach uair anseo agus tháinig tonn taoscach air, agus chuir sé amach an drad bréige agus d'fhága sé ina dhiaidh iad, agus b'éigean dó a dhul agus foireann nua a chur isteach
 
Níl leabharachaí (nó liúrachaí) ar bith sa bpas siúd. An dubhliathach sin atá ann, agus bheifeá meata dhá baint le hais a bheith in éadan na sraoilleogaí móra. Bí réidh agus gabhfaidh foireann againn ar an oileán an chéad lá den rabharta … Bíodh an diabhal ag an té ar mór leis dúinn í. Nach feamainn pháirteach í, agus nach bhfuil baint ag chuile dhuine di chomh maith le chéile. Tá sí ansiúd acu chomh maith linne agus bainidís í más breá leo í. Níl muide ag dul ina mbéal uirthi. Ach tá an iomarca leadaíocht orthu …
 
Ní cheannódh sí siúd aon bhall ach ball a rachadh go deas di. Tá foireann nua eile aici anois, agus is mór an áilleacht í iontu. Pósfaidh sí sa bhfoireann seo anois