1.
scata daoine; roinnt daoine.
+–
Bhí fuireann mór ag an damhsa = scata, plód
Bhí fuireann as an gC. Dh. ar cuairt aréir againn
TUILLEADH (6) ▼
Chuaigh fuireann as an teach seo ar an mbainis
Tá fuireann mór san teach sin = muirín
Bhí fuireann mór ar an mbus inniu
Cáil an fuireann se'agaibhse imithe? = an mhuinntir
Tá an-fhuireann daoine ag ceann an bhóithrín
Ghabhfadh fuireann as an áit seo siar ann dhá mbeadh a fhios go raibh sé ar bun
2.
an oiread daoine agus nar mhór i mbád; an méid nar mhór i meitheal oibre.
+–
An bhfuil fuireann ag teastáil uait. Gabhfaidh mise leat (i mbád nó i gcurrach)
Cá ndeachaidh fuireann na curraí
TUILLEADH (6) ▼
Tá do dhóthain fuirinn agad i gcurrach má tá beirt iomróirí maithe inte
Is beag an fuireann a bhíos sna soithigh beaga sin chor ar bith
Sé an uair a bhí siad ag brath ar imeacht a bhí fear den fhuireann ar iarraidh. Ní raibh sé le fáil i bhfus ná thall
Ní fhéadfadh sé a dhul ag obair inniu cheal fuirinn. Níor tháinig ach triúr
Seisear an fuireann annsin. Níl siad in ainm agus a bheith faoi sheisear aon-uair
Ní fuláir duine eile le fuireann a dhéanamh má's i bpáirt a imreós sib. Níl againn ach cúigear
·
"Fear agus fuireann a bhí ag Mac Mhaolra" (líne as amhrán).
3.
culaith nua éadaigh; feisteas troscáin, éadaigh leabthan, earraí i siopa, feisteas cruithe ar chapall, drad fiacal, gréithí, gléas capaill, deis dhéanta poitín agus rl. ("set", "suite" a bhíos i gceist. Bíonn níos mó ná ball amháin i bhfuireann).
+–
Tá fuireann nuadh air aríst. Is gearr ó cheana a fuair sé fuireann = culaith nua éadaigh.
Nach maith a bhéas fuireann aice i gcomhnaí nuair a bhéas fuireann eile salach = túáillí, éadaigh cláir, éadaigh leabthan agus rl.
TUILLEADH (4) ▼
Mara bhfuil d'éadach Domhnaigh agad ach iad sin, is gearr nach mór duit fuireann nua
Níl aon-leabaidh ag gabhail linn anois nach dteastódh fuireann nua uatha, más fada gearr go gcuirtear orra iad. Chreidim gur fada sin inDomhnach
Ab shiúd é an fuireann céanna a bhí air an lá faoi dheireadh nó an fuireann eile é? 'Ar ndú' is beag a aireós sé sin fuireann a fháil uair ar bith a dtogróidh sé
Is daor an ailím fuireann a cheannacht anois. Níl aon-chulaith éadaigh le fáil thíos inG. gan naoi bpunt airgid
+–
Chuir sé fuireann nua isteach san siopa = lastas nua Earraí
Tá teach breá aige ach m'anam nach ndéanfaidh sin siopa dhó, mara bhfuil an cur leis ann. Is beag an mhaith dhó ballaí fuara mara bhfuil bráigill air le fuireann a chur isteach
TUILLEADH (10) ▼
Ghlan sé amach an sean-troscán ar fad agus chuir sé fuireann nua glan as an bpíosa isteach. Is mór an áilleacht an teach atá aige anois
Chuaigh sí Gaillimh inniu le fuireann a fháil (troscáin). Tá sí le "Gaeilgeóirí" a choinneál imbliana
Is mór a choisneódh fuireann don tseomra sin anois. Lán laidhre a mhic ó! Tá chuile shórt in a ór
Chaith sí amach na sean-ghréithí ar fad, agus cheannuigh sí fuireann nua. Tá drisiúr ornáilte anois aice. Deir siad go scuabann gach scuab nua glan
Nuair a cailleadh an mháthair, d'árduigh an cliamhain an foireann leis ar fad. Ní raibh oiread agus priocach de láighe aige seo nuair a chuaigh sé isteach ann. Ba é an chéad-mhaith ab éigin dó a dhéanamh, a dhul agus foireann nua a fháil: céachta agus cliath fhursta agus sluaiste agus 'chaon tsórt.
Tá an sean-ghléas sin stiallta ó chéile go deimhin. Caithfear fuireann nua a fháil gan mórán achair (úmachaí capaill cairte : bríste, coiléar agus rl.)
Is fadó an lá nach ndearna sé aon-deoir cheana. Dhóigh na misinéaraí an oirnis air, ach chuala mé go bhfuair sé fuireann nua le goirid (gléas déanta poitín : pota, "bhorm" agus rl.)
Is ait an stiléara é sin dhá mbeadh fuireann aige
Tharraing sí an drad fré chéile, agus tá sí le fuireann eile (fiacal) a chur isteach ina n-áit
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeódh (a choisneódh) fuireann anois. Níl rud ar bith 'ar ndú is daoire ná fiacla
+–
Tháinig sé isteach annsiúd san gcearta, agus d'iarr sé fuireann a chur suas dó = cheithre chrú ar chapall, asal agus rl.
Caithfidh mé fuireann cruithe a chur suas inniu = "set" iarainn ar chapall
TUILLEADH (3) ▼
Cé mhéad atá an gabha seo thoir a bhaint amach ar an bhfuireann anois?
Tá mo dhóthain gualach agam l'aghaidh fuireann iarainn, ach tá an gabha sin thiar ag leanacht na ndaoine ro-dhaor ar fad
Is géar a theastódh fuireann a chur ar an asal sin, dhá bhféadtaí é. Sé a tharraingíos an mhóin ar fad
Fuireann in iontrálacha eile (15)
→
fágtha
Meastú a bhfuil sé siúd cho dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágha, an-mhaoilscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí fuireann air agus gan é a bheith sna ciomachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithi
→
ceal 1
Caithfe tú déanamh scathamh eile, muis, cheal éadaigh, arae níl an oiread slighe aghainne a's a choinneochadh greim in ar mbéal, ní áirmhighim a dhul a' ceannacht fuireann nuadh dhuitse aríst ar a' toirt.
Má dhéanann tú cithréabachaí de na briocáin sin anois, beidh moill ort aríst, shul ó gheobhfas tú fuireann nuadh. Mar sin tabhair aire dóib.
→
breacán
Is dona na briocáin éadaighe atá air. Mea(s)ann tú 'bhfuil fuireann nuadh a' bith aige? (féach fuireann).
→
amuigh
D'fhéadfadh sé fuireann nuadh a chuir isteach, le na bhfuil amuigh aige, ach droch-sheans go bhfeicfe sé mórán go bráthach dhe (féach "fuireann").
→
áirgiúil
Ach a mbí an fuireann nuadh istigh aige, is áirgeamhail a' teach a bheidheas aige (féach fuireann).
→
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beithioch mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheanntaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí turnapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh fuireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire aca! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon-fhiacail agam anois
→
dearg 2
Seo píosa iarainn duit. Cuir isteach annsin i dteallach na ceártan é, agus dearg agus comhdhearg ach ná ruadhearg é, agus leag amach annseo agamsa ar an inneoin é, agus feicfidh tú féin air go ndéanfaidh mise fuireann deas cruithe dhuit l'aghaidh an chuit! = duine ag magadh faoi ghasúr
→
deatach
Breagh ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé fuireann nuadh isteach marach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan teine, bíodh a fhios agad. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon-bhean é: sin é a bhí air
→
deil 2
Nach hé atá indon a deil. "B'éigin dom fuireann nua a fháil do na scurachaí. Bhí siad ag strócadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar bhí siad. "Tá sé cho maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann" adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta nach hé atá indon an aithris a dhéanamh uirre! An chainnt chéanna agus na goití ceanann céanna, cho maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár agus chuinneóig
→
deisigh
Teach deisighthe é anois deirimse leat. An bhfaca tú an fuireann nuadh a chuir sí isteach. Bhainfidís an solas as do shúile leis an loinnir atá ionnta, idir chathaoireachaí boga agus buird
→
drad
Bhí sé óltach uair annseo agus tháinic tonn taoscach air, agus chuir sé amach an drad bréige agus d'fhága sé in a dhiaidh iad, agus b'éigin dó a dhul agus fuireann nuadh a chur isteach
Níl leabharachaí (nó liúrachaí) ar bith san bpas siúd. An dubhliathach sin atá ann, agus bheitheá meathta dhá baint, le h-ais a bheith in éadan na sraoilleógaí móra. Bí réidh agus gabhfaidh fuireann againn ar an oileán an chéad lá den rabharta … Bíodh an diabhal ag an té ar mór leis duinn í. Nach feamainn pháirteach í, agus nach bhfuil baint ag chuile dhuine di cho maith le chéile. Tá sí annsiúd aca cho maith linne agus bainidís í más breá leo í. Níl muide ag dul in a mbéal uirre. Ach tá an iomarca leadaíocht orra …
→
téigh do
Ní cheannóchadh sí siúd aon-bhall, ach ball a rachadh go deas di. Tá fuireann nua eile aice anois, agus is mór an áilleacht í ionnta. Pósfaidh sí ins an bhfuireann seo anois