Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Briollach: briollachaí
ainm-fhocal
Ní baintear leas as an ainm-fhocal ach 'san uimhir iolraidh
sean-bhriocáin; droch-éadaighe; éadaighe salacha, liopastacha; feistiú a chuirfeadh cuma nó cosamhlacht mío-stuama, ghránna ar dhuine.
+
Níl air ach sean-bhriollachaí.
Tá sé is na briollachaí.
TUILLEADH (14) ▼
Cá bhfuair sé na briollachaí éadaighe atá air?
Tá tú in do chiomach ag na sean-bhriollachaí sin. Breagh go gcuireann tú ort fhéin chor a' bith iad?
Níl snáth air, ach sean-bhriollachaí, a's ciomachaí. Mara bhfagha sé culaith nuadh, go goirid, is gearr go mbí a chraiceann leis ar fad.
Sé'n dá mhara 'chéile culaith nuadh, nó sean-bhriollachaí a fhaghail dó sin. Cuirfe sé a chaoi fhéin orra.
Is mór a' t-iongnadh, go dtiocfadh sé i láthair comhluadair a' bith le na sean-bhriollachaí, stiallta, salacha atá air! Is mór a' ghráin iad!
Is fiú ór an gléas atá ort, le h-ais na sean-bhriollachaí atá ar mhac Sh. Sh. Ph. Is gearr (geall) le ceannuidhe é (i.e. mangaire mála).
Shílfeá nach leigfeadh an náire dhá mháthair é 'leigean amach taobh le na sean-bhriollachaí údan atá air.
Tá na sean-bhriollachaí sin aige l'aghaidh na strácála, a's an chulaith dhubh l'aghaidh an Domhnaigh.
Bíonn an cailín sin cóirighthe lena feiceál ar a' Domhnach, ach dhá bhfeictheá na sean-bhriollachaí 'bhíonns uirre lá de'n tseachtmhain!
Déanfa na briollachaí fhéin cúis l'aghaidh na h-oibre seo.
An ag iarraidh stiall a dheanamh de do chulaith nuaidh a bheitheá? Nach bhfuil na sean-bhriollachaí éadaigh 'bhí ort an tseachtmhain seo caithte sáthach maith l'aghaidh na strácála sin?
Bainfe tú scathamh eile as na briollachaí sin. Cá'il a' fear sa tír a mbeadh a leithidí aige a chuileálfad iad!
Tá sé as na briollachaí faoi (dh)eire! = duine a gheobhfadh culaith nuadh, nó a n-eireochadh slam airgid leis, nó deis le dhul 'un cinn sa saoghal.
Is fhearr na briollachaí éadaigh a d'fheicfeá ar cheannuidhe ná air.