breallach, breallachaí
—ainmfhocal
—ní baintear leas as an ainmfhocal ach san uimhir iolra
—
seanbhreacáin; drochéadaí; éadaí salacha liopastacha; feistiú a chuirfeadh cuma nó cosúlacht místuama ghránna ar dhuine.
+–
Níl air ach seanbhreallachaí.
Tá sé sna breallachaí.
TUILLEADH (14) ▼
Cá bhfuair sé na breallachaí éadaí atá air?
Tá tú in do cheamach ag na seanbhreallachaí sin. Breá go gcuireann tú ort fhéin chor ar bith iad?
Níl snáth air ach seanbhreallachaí agus ceamachaí. Mura bhfaighe sé culaith nua go gairid, is gearr go mbí a chraiceann leis ar fad.
'Sé an dá mhara a chéile culaith nua nó seanbhreallachaí a fháil dó sin. Cuirfidh sé a chaoi fhéin orthu.
Is mór an t-ionadh go dtiocfadh sé i láthair comhluadair ar bith le na seanbhreallachaí stiallta salacha atá air! Is mór an ghráin iad!
Is fiú ór an gléas atá ort le hais na seanbhreallachaí atá ar mhac Sh. Sh. Ph. Is gearr (geall) le ceannaí é (.i. mangaire mála)
Shílfeá nach ligfeadh an náire dhá mháthair é a ligean amach taobh le na seanbhreallachaí údan atá air.
Tá na seanbhreallachaí sin aige le aghaidh na strácála agus an chulaith dhubh le aghaidh an Domhnaigh.
Bíonn an cailín sin cóirithe lena feiceáil ar an Domhnach, ach dhá bhfeictheá na seanbhreallachaí a bhíonns uirthi lá den tseachtain!
Déanfaidh na breallachaí fhéin cúis le aghaidh na hoibre seo.
An ag iarraidh stiall a dhéanamh de do chulaith nua a bheifeá? Nach bhfuil na seanbhreallachaí éadaigh a bhí ort an tseachtain seo caite sách maith le aghaidh na strácála sin?
Bainfidh tú scaitheamh eile as na breallachaí sin. Cá'il an fear sa tír a mbeadh a leithidí aige a chuileálfadh iad!
Tá sé as na breallachaí faoi dheireadh! — duine a gheobhadh culaith nua nó a n-éireodh slám airgid leis nó deis le dhul chun cinn sa saol.
Is fhearr na breallachaí éadaigh a d'fheicfeá ar cheannaí ná air.