1.
a.
gléasta go dona, mío-stuama, nó go giobalach.
+–
Tá cuma an-bhriollach uirre.
Is briollach a' gléas atá air.
TUILLEADH (9) ▼
Is briollach na gioblachaí éadaigh atá uirre.
Nach mór a' t-iongnadh nach gcuirfeadh sé malrait éadaigh air fhéin, farra's a bheith ag imtheacht chomh briollach a's tá sé.
Ní thiubharfá aon-tsamhail di, ach bean ceannuidhe, a's chomh briollach a's atá sí.
Ní mórán cuid súl í, ach ní bheadh sí baileach chomh dona marach chomh briollach, brocach a's bhío(nn)s sí.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin, a's ná bíodh cosamhlacht chomh briollach sin ort.
Shílfeá nach mbead sé chomh briollach a's atá sé, dhá mbeadh luach éadaigh aige.
Dhá bhfaghad sé culaith nuadh 'chuile sheachtmhain, 'sé an cás céadna é, bheadh sí briollach, stiallta aige.
Ní raibh sé briollach ariamh go dtí anois! Nil tuinnte de'n éadach air.
Tá braon ann ó cheannuidhe eicínt, a's chomh briollach stiallta, a's a bhío(nn)s sé Domhnach a's Dálach chomh maith le chéile = bhí ceannuidhe eicínt ar a shinnsir etc; is de bhunadh[bh]ar ceannuidhe é.
b.
cuma fheannta fhágtha fheidheartha (fearacht circe a's na cleiteadhachaí tuithte dhe).
+–
Tá rud eicínt ar a' gcircín ruaidh sin, a's chomh briollach a's atá sí ó tháinig a' bhliadhain = na cleiteadhachaí sceithte aice, a's cuma fheannta fhágtha uirre.
Tá sí chomh briollach le cearc óil.
TUILLEADH (3) ▼
Cé'n tslighe atá agham, cé's moite de'n ghlaicín chearca bhriollacha sin, a's ní móide go mbéarfaidís sin fhéin ubh ó sheachtmhain go seachtmhain dom.
Má's a' forcabhás ar na cearca briollacha sin, atá tú le uibheachaí a bhreith, tá faitchíos orm, gur beag an éadáil a bheidheas aghad dá mbárr.
Tá sé taobh le caoirín bhriollach amháin anois.
2.
·
Tá sé in a bhriollach ag imtheacht (féach breallach) = cuma fheidheartha fhágtha air.
Is mór a' t-iongnadh nach mbuailfeadh sí baslach ar a cuid éadaighe, a's nach bhfuaghfadh sí iad, fharra's a bheith in a briollach mar tá sí.