1.
a.
gléasta go dona, místuama, nó go gioblach.
+–
Tá cuma an-bhreallach uirthi.
Is breallach an gléas atá air.
TUILLEADH (9) ▼
Is breallach na gioblachaí éadaigh atá uirthi.
Nach mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé malrait éadaigh air fhéin, tharas a bheith ag imeacht chomh breallach agus atá sé.
Ní thabharfá aon tsamhail di ach bean ceannaí agus chomh breallach agus atá sí.
Ní mórán cuid súl í ach ní bheadh sí baileach chomh dona murach chomh breallach brocach agus a bhíonns sí.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin agus ná bíodh cosúlacht chomh breallach sin ort.
Shílfeá nach mbeadh sé chomh breallach agus atá sé dhá mbeadh luach éadaigh aige.
Dhá bhfaigheadh sé culaith nua chuile sheachtain, 'sé an cás céanna é, bheadh sí breallach stiallta aige.
Ní raibh sé breallach ariamh go dtí anois! Níl tointe den éadach air.
Tá braon ann ó cheannaí eicínt agus chomh breallach stiallta agus a bhíonns sé Domhnach is dálach chomh maith le chéile — bhí ceannaí eicínt ar a shinsir srl.; is de bhunábhar ceannaí é.
b.
cuma fheannta fhágtha fheidheartha (fearacht circe agus na cleitiúchaí tite dhe).
+–
Tá rud eicínt ar an gcircín rua sin agus chomh breallach agus atá sí ó tháinig an bhliain — na cleitiúchaí sceite aici agus cuma fheannta fhágtha uirthi.
Tá sí chomh breallach le cearc óil.
TUILLEADH (3) ▼
Cén tslí atá agam cé is moite den ghlaicín chearca bhreallacha sin, agus ní móide go mbéarfaidís sin fhéin ubh ó sheachtain go seachtain dom.
Más ag forcamhás ar na cearca breallacha sin atá tú le uibheachaí a bhreith, tá faitíos orm gur beag an éadáil a bheas agat dá mbarr.
Tá sé taobh le caoirín bhreallach amháin anois.
2.
·
Tá sé ina bhreallach ag imeacht (fc. breallach) — cuma fheidheartha fhágtha air
Is mór an t-ionadh nach mbuailfeadh sí boslach ar a cuid éadaí agus nach bhfuafadh sí iad, tharas a bheith ina breallach mar atá sí.