1.
duibhthean, ángar (amhgar), seargadh, "téitheadh". Le féar, arbhar, nó mianach luibheannach is mó a bhíos "breodhadh" i gceist anois. Ní h-ionann é amach a's amach a's "dreoghadh". Fuigheall "téithte" é breodhchan i bhféar in arbhar nó i mianach luibheannach, ach dhreoghfadh rud nach "dtéithfeadh" nó nach lobhfadh chor a' bith. Thárlóchadh sé go n-eireochadh dreoghchan do rud le iomarca tiorma, a's go mbeadh sé in a chonuas mío-bhlasta dhá bhárr.
+–
Má chocann tú é a's an ghail bhruithte mar sin as, breodhfa sé = téithfe sé, a's dubhócha sé, a's tiocfa leath-lobhadh sa gcoca air.
Sin féar atá breoidhte (nó "breodhuighthe" amannta) 'bhfeiceann tú an phúir atá as.
TUILLEADH (17) ▼
Dhá bhfaghad sé a dhóthain gréine is beag a' baoghal a bheadh air, breodhchan (nó breodhadh) mar sin.
Bhreodh sé chomh mór sin, a's nach leagfadh aon-bhó ná aon-ghamhain smut air.
Marach go bhfuil sé an-bhreoidhthe, ní ghlacfadh na beithidhigh col leis, a's laghad an tomsacht atá ar a' talamh aca(b) anois.
Níl aon-iongantas, ná nar bhreoidh an chruach sin as éadan, a's chomh tais a's bhí sí, nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
Féar a' bith a théithea(nn)s, is beag a' mhaith é. Bíonn sé breoidhte 'na dhiaidh, a's ní mian le tada drannadh leis.
Is deacair féar a fhaghail imbliadhna gan a bheag nó a mhór breodhchain. Ní raibh an bhliadhain cóireamhail le tada a shábháil.
Tháinic sé in a dhórtadh an lá a raibh muid a' cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaith(eamh) anuas, a's a leigean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téitheadh ná breodhadh a rinne sí, in a dheidh sin.
Tá riascannaí dubha istigh i lár a' choca, maran ro-fhliuch a bhí an féar nuair a rinneadh é, a's ghur bhreodh sé. Ach pé acu sin é, dheamhan a dhath loicht ag na beithidhigh air.
Is deacair le arbhar breodhadh, má fhaghann sé aimsear chóireamhail chor a' bith, ach (dh)ar ndóigh, chaith cuid dhe, seachtmhain ar sraith imbliadhna.
Tá'n coca chomh breoidhte, a's go bhfuil baladh as anois, ní breoidhte atá sé chreidim, ach dearg-lobhtha.
Fuair sé amladh (amlú) ar feadh seachtmhaine ar a' talamh a's bhí sé breac-lobhtha ina dhiaidh. Annsin nuair a tháinic na cupla lá breagh údaidh, thriomuigh sé, a's chuir sé i gcoca é, ach má tá fhéin, tá sé breoidhte as éadan.
Bhí sé tirm, nuair a rinne mé cocaí móinfhéir dhe, ach tháinic faoi leis a' tuile a's bhreoidh an t-iochtar ar fad.
Is furasta leis a' bhféar luibheannach sin, breodhadh, mara bhfagha sé neart gréine. Shílfeá go mbeadh sé tirm, a's thú dhá chuir i gcoca, ach ní bhíonn a' sugh imthighthe as 'na dheidh sin.
Marach a chinnireacht a fuair sé bhreodhfadh sé.
Níor mhór d'fhéar giollacht thar cíonn imbliadhna, a's a bhfuair sé d'amlughadh. Tá leath féir do thíre breodhuighthe a's lobhtha a mhic ó.
Breodhuigheadh sé leis anois: dheamhan neart aghainne [air]. Tá muid sáruighthe dhá ghiollacht a's é 'cínnt orainn ina dheidh sin. D'eile cé'n chaoi a mbeadh sé ach breoidhte, a's an chaoi a bhí ar an aimsir.
Níl aon-sop féir tirm a' gabhail liom imbliadhna, nach bhfuil breoidhte, pé'r bith céard d'eirigh dhó fharrus bliadhain a' bith.
2.
Is minic a bhíos an chiall angar nó duibhthean croidhe le "bhreodh" as na h-amhráin, ach tá sé indáil le seirgthe mar seo, sa gcainnt anois.
+–
'Ach siúd an rud a mharbhuigh a's a bhreoidh mo chiall; A's a d'fhága mé ag osnaighil indiaidh mo Chaitlín Triall. ("Caitlín Triall")
'Teachtain ó'n gceol dom, a's mé breoidhte, lag, tuirseach, ó'n oidhche; Seadh dhearc mé mo stóirín, ar mhóinín, lághach geanamhail 'na suidhe.; A gruadh mar an rósa, 'sí a bhreodh a's a mharbhuigh mo chroidhe; A's an té a bhlaisfeadh dhá póigín, 'sé is dóigh liom, bheadh fad ar a shaoghal' ("Céad slán do'n Abhainn Mhóir").
TUILLEADH (1) ▼
'Truagh géar gan mé in mo smóilín, is deas a leanfainn thríd a' ród thú; le cumha 'ndiaidh Bláth na h-Óige, mar bhreodh sí mo chroidhe' ("An Sceilpín Draighneach")