Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
breoigh
briathar
1.
duifean, angar, seargadh, téamh. Le féar, arbhar, nó mianach luibheannach, is mó a bhíos breo i gceist anois. Ní hionann é amach is amach agus dreo. Fuíoll téite é breochan i bhféar, in arbhar, nó i mianach luibheannach, ach dhreofadh rud nach dtéighfeadh nó nach lobhfadh chor ar bith. Tharlódh sé go n-éireodh dreochan do rud le iomarca trioma agus go mbeadh sé ina chunús míbhlasta dhá bharr.
+
Má chocann tú é agus an ghail bhruite mar sin as, breofaidh sé — téighfidh sé agus dubhóidh sé, agus tiocfaidh leathlobhadh sa gcoca air.
Sin féar atá breoite (nó breoaithe amannta): an bhfeiceann tú an phúir atá as.
TUILLEADH (17) ▼
Dhá bhfaigheadh sé a dhóthain gréine is beag an baol a bheadh air breochan (nó breo) mar sin.
Bhreoigh sé chomh mór sin agus nach leagfadh aon bhó ná aon ghamhain smut air.
Murach go bhfuil sé an-bhreoite, ní ghlacfadh na beithígh col leis agus laghad an tiomsacht atá ar an talamh acub anois.
Níl aon iontas ná nár bhreoigh an chruach sin as éadan agus chomh tais agus a bhí sí nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
Féar ar bith a théanns, is beag an mhaith é. Bíonn sé breoite ina dhiaidh agus ní mian le tada drannadh leis.
Is deacair féar a fháil i mbliana gan a bheag nó a mhór breochain. Ní raibh an bhliain cóiriúil le tada a shábháil.
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
Tá riascannaí dubha istigh i lár an choca, muran rófhliuch a bhí an féar nuair a rinneadh é agus ghur bhreoigh sé. Ach pé acu sin é, dheamhan a dhath loicht ag na beithígh air.
Is deacair le arbhar breo má fhaigheann sé aimsir chóiriúil chor ar bith, ach ar ndóigh, chaith cuid dhe seachtain ar sraith i mbliana.
Tá an coca chomh breoite agus go bhfuil boladh as anois, ní breoite atá sé chreidim, ach dearglofa.
Fuair sé amlú ar feadh seachtaine ar an talamh agus bhí sé breaclofa ina dhiaidh. Ansin nuair a tháinig na cupla lá breá údaí, thriomaigh sé agus chuir sé i gcoca é, ach má tá fhéin, tá sé breoite as éadan.
Bhí sé tirim nuair a rinne mé cocaí móinéir dhe, ach tháinig faoi leis an tuile agus bhreoigh an t-íochtar ar fad.
Is furasta leis an bhféar luibheannach sin breo mura bhfaighe sé neart gréine. Shílfeá go mbeadh sé tirim agus thú dhá chur i gcoca, ach ní bhíonn an sú imithe as ina dhiaidh sin.
Murach an chinnireacht a fuair sé, bhreofadh sé.
Níor mhór d'fhéar giollacht thar cionn i mbliana agus a bhfuair sé d'amlú. Tá leath féir do thíre breoaithe agus lofa a mhic ó.
Breoíodh sé leis anois: dheamhan neart againne air. Tá muid sáraithe dhá ghiollacht agus é ag cinnt orainn ina dhiaidh sin. Deile cén chaoi a mbeadh sé ach breoite agus an chaoi a bhí ar an aimsir.
Níl aon sop féir tirim ag gabháil liom i mbliana nach bhfuil breoite, pé ar bith céard a d'éirigh dhó tharas bliain ar bith.
2.
is minic a bhíos an chiall angar nó duifean croí le bhreoigh sna hamhráin, ach tá sé i ndáil le seargtha mar seo sa gcaint anois.
+
"Ach siúd an rud a mharaigh agus a bhreoigh mo chiall; Agus a d'fhága mé ag osnaíl i ndiaidh mo Chaitlín Triall." (Caitlín Triall)
"Teachtain ón gceol dom, agus mé breoite lag tuirseach ón oíche; Sea dhearc mé mo stóirín, ar mhóinín lách geanúil ina suí.; A grua mar an rósa, 'sí a bhreoigh agus a mharaigh mo chroí; Agus an té a bhlaisfeadh dhá póigín, 'sé is dóigh liom, bheadh fad ar a shaol" ("Céad slán don Abhainn Mhóir")
TUILLEADH (1) ▼
"Trua géar gan mé in mo smóilín, is deas a leanfainn thríd an ród thú; le cumha i ndiaidh Bláth na hÓige, mar bhreoigh sí mo chroí" ("An Sceilpín Draighneach")

breoigh in iontrálacha eile (13)

 
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceannfhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil sé breoite ó ól an lae inné
+
"Teachtain ón gceol dom, agus mé breoite lagthuirseach ón oíche"
TUILLEADH (6) ▼
Tá mé breoite go leor.
Airím breoite inniu, pé ar bith céard atá orm
Níl sé breoite shílfeá (gasúr), agus ina dhiaidh sin, níl spleodar mór ar bith ann — shílfeá nach tinn atá sé, ach más ea nó nach ea, níl croí ná misneach aige.
Feictear dhom go bhfuil mé buille breoite inniu, murab é an slaghdán atá ag teannadh liom. I nDomhnach, dheamhan a fhios agam nach é
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé breoite ina dhiaidh sin.
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoite, ach mise i mbannaí gur beag an bhreoiteacht a bheas air má bhíonn aon damhsa in aon áit.
 
Leag sé anuas pláta tairteola a bhí ann thar oíche agus thosaigh sé dhá smailceadh agus daba aige i chaon láimh leis. Is aige atá an coimpléasc! Bhí mise chomh breoite agus nach bhféadfainn breathnú uirthi amháin
 
Tá an chruach choirce sin téite. An bhfeiceann tú an deatach atá aisti. Coirce breoite a bheas againn i mbliana
 
Dreoite! Níor cás dó a bheith dreoite, ach tá faitíos orm go bhfuil sé breoite féin
 
Diabhal a leithide d'fhéar — díogha críochnaithe. Thosaigh sé ag téamh ar an dá luath is a raibh sé coctha istigh san iothlainn agam. Ní leagfadh bó ná gamhain béal air: bhí sé breoite ar fad. Ná bac leis an bhféar a bhíos ar na híochtair láidre sin. Bíonn sé róstalcánta ag rud ar bith
 
díon 1
Níl gnaithe ar bith aige aon díon a chur ar an bhféar sin. É a chaitheamh anuas aríst agus a ligean amach atá aige a dhéanamh má tá aird ar a chuid oibre aige. Nach bhfeiceann tú an ghail bhruite as. Má chuireann sé brat dín air sin mar atá sé, breofaidh sé ar fad agus dheamhan bó ná gamhain a leagfas smut go sleibhe air