Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Breoiteacht
ainm-fhocal: baininscneach
tuiseal geineamhnach: breoiteachta.
meath-thinneas; tinneas gan phian; meathluigheacht; slabhcadh.
+
Tá breoiteacht eicínt air = tá meath-thinneas nó meathluigheacht eicínt air.
Cá'id ó bhuail an bhreoiteacht é?
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan a' féidir gur breoiteacht atá ort, a's scáth an t-achar ó 'bhí sí cheana ort.
Má's breoiteacht aríst é, níl fhios agham, cé'n scéal é.
Tá sé in am aige feasta an bhreoiteacht sin a bheith dhi aige.
'Sé'n chaoi a mbuaileann an galra sin thú in a bhreoiteacht, a's neartócha sé ina phian annsin ort. Deirimse leat, gur deacair é sin a chuir as do chrioslaigh.
Tá breoiteacht eicínt a' dul dom ó mhaidin. Níl mé tínn a's níl mé slán, a's is deacair a rádh cé'n chaoi a bhfuil mé.
Is beag a' bhreoiteacht a bheidheas ar sin, nuair 'fheilfeas sé dhó fhéin.
+
Breoiteacht óil atá air = tinneas póite; tinneas óil.
Tá breoiteacht orm ó mhaidin, de bharr ar ól mé aréir.
TUILLEADH (4) ▼
Má tá breoiteacht air, is beag a' t-iongnadh é, a's an foracún a d'ól sé indé.
Dheamhan leigheas ar do bhreoiteacht, ach tuille 'ól. 'Leigheas na póite í 'ól aríst' adeir siad.
Bhí mé in an-chaoi ó mhaidin indiu, le breoiteacht óil, a's gan fóirithint a' bith indán dom.
Tá sé in a luighe le breoiteacht.

Breoiteacht in iontrálacha eile (1)

 
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoidhte, ach mise imbannaí gur beag a' bhreoiteacht a bheidheas air, má bhíonn aon-damhsa in aon-áit.