—
meath-thinneas; tinneas gan phian; meathlaíocht; sleabhcadh.
+–
Tá breoiteacht eicínt air — tá meath-thinneas nó meathlaíocht eicínt air
Cáid ó bhuail an bhreoiteacht é?
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan an féidir gur breoiteacht atá ort agus scáth an t-achar ó bhí sí cheana ort.
Más breoiteacht aríst é, níl a fhios agam cén scéal é.
Tá sé in am aige feasta an bhreoiteacht sin a bheith dhi aige.
'Sé an chaoi a mbuaileann an galra sin thú ina bhreoiteacht, agus neartóidh sé ina phian ansin ort. Deirimse leat, gur deacair é sin a chur as do chrioslaigh.
Tá breoiteacht eicínt ag dul dom ó mhaidin. Níl mé tinn agus níl mé slán agus is deacair a rá cén chaoi a bhfuil mé.
Is beag an bhreoiteacht a bheas air sin nuair a fheilfeas sé dhó fhéin.
+–
Breoiteacht óil atá air — tinneas póite; tinneas óil.
Tá breoiteacht orm ó mhaidin de bharr ar ól mé aréir.
TUILLEADH (4) ▼
Má tá breoiteacht air, is beag an t-ionadh é agus an foracún a d'ól sé inné.
Dheamhan leigheas ar do bhreoiteacht ach tuilleadh a ól. Leigheas na póite í a ól aríst, adeir siad.
Bhí mé in anchaoi ó mhaidin inniu le breoiteacht óil agus gan fóirithint ar bith i ndán dom.
Tá sé ina luí le breoiteacht.
breoiteacht in iontrálacha eile (1)
→
breoite
Deir sé fhéin go bhfuil sé breoite, ach mise i mbannaí gur beag an bhreoiteacht a bheas air má bhíonn aon damhsa in aon áit.